Na Fuiseoga agus an chruithneacht

ó fhabhalscéalta Aesóip



Ar an chéad lá den Earrach, thóg fuiseog a nead i bpáirc a cuireadh faoi chruithneacht an lá roimhe sin. I rith an tSamhraidh, fad is a bhí an chruithneacht ag fás, ghor sí a cuid uibheacha, agus ansin chothaigh sí a hál le péisteanna méithe ramhra.

   "A Mhamaí," a d'fhiafraíodh na héininí san oíche, "An dtig linn fanacht mar seo go brách? Tá an bia blasta, tá an ghríain ag soilsiú, agus taitníonn cumhracht na cruithneachta go mór linn, agus an ghaoth ag séideadh thríthi."

   "Ní go brách," a d'fhreagraíodh an fhuiseog. "Le theacht an fhómhair, nuair a bhéas an chruithneacht aibí, tiocfaidh an feirmeoir leis an arbhar a bhaint. Caithfidh muid imeacht roimhe sin, nó gearrfaidh lann a chorráin an nead seo s'againne." Chuir an chinniúint mhillteanach sin ar chrith iad, ach tharraing a mamaí isteach lena hucht iad.

   "Is fada sin uainn go fóill," ar sise; agus ag amharc ar a ndreacheanna beaga stuama, dhéanadh sí gáire beag agus thugadh sí póg dóibh.

   Gach aon lá i rith an Lúnasa bhrothallaigh sin, bhailíodh Mamaí fuiseog bia don ál. Bhíodh cluas le héisteacht orthu agus gach aon oíche, d'insídís scéala an laé.



   Tháinig sí abhaile, tráthnóna, agus bhí scaoll ar na fuiseoga óga.
   "An feirmeoir! An feirmeoir!" a scread siad le chéile. "Tá sé ag teacht chun an chruithneacht go léir a bhaint!" Ach ní inniu ná inné a tháinig Mamaí fuiseog ar an tsaoil. D'fhiafraigh sí díobh a insint go beacht dí ar chuala siad. Labhair an t-éinín ba shine.

   "Bhí an feirmeoir agus a mhac sa pháirc. Chuala mé an feirmeoir a rádh go soiléir..."
   "Chuala muid go léir é," a dúirt fuiseog óg eile, gan aird ar bith aici ar a deartháir.
   Níor lig an chéad éinín air gur ann nó as a dheirfúir, agus lean sé ar aghaidh leis. "Is é a dúirt sé ná go raibh an chruithneacht réidh. D'iarr sé ar a mhac scairt a chur ar na comharsana, a gheall cúnamh dó leis an fhómhar." D'fhéach an t-ál ar a mamaí agus imní orthu, ach dúirt Mamaí fuiseog nach raibh cúis ar bith imní ann.
   "Má tá sé ag brath ar a chomharsana, bígí cinnte nach mbainfear an chruithneacht amárach. Codladh sámh, a pháistí. Níl muid i mbaol go fóill."

   Trathnóna lá arna mhárach, d'fhill an fhuiseog ar an nead agus bhí a clann trína chéile.
   "An feirmeoir!" a scread siad. "Bhí sé ar ais inniu!"
   "Tóg go bog é!" a duirt Mamaí fuiseog . "Cé agaibh a chuala é? Cad a dúirt sé?" An uair seo, b'í an fhuiseog sa lár a labhair.

   "Dúirt sé lena mhac 'Muise, níor tháinig na comharsana. Caithfidh muid cúnamh a fháil ónár muintir féin, daoine a gcuirfeá muinín iontú. I ndiaidh do dhinnéir, bailigh mo dheartháireacha agus mo dheirfúireacha agus a gclanna. Rachaimid uilig amach sa pháirc le chéile, agus beidh an obair críochnaithe againn roimh luí na gréine.'"

   D'amharc na fuiseoga beaga go himníoch ar a mamaí. "An gcaithfidh muid imeacht anois, a mhamaí?" a d'fhiafraigh siad.
   "Ní chaithfidh go fóill" a d'fhreagair Mamaí fuiseog . "Má tá sé ag brath ar a mhuintir féin, bígí cinnte nach mbainfear an chruithneacht amárach. Codladh sámh, a pháistí. Níl muid i mbaol go fóill."

   An trathnóna dar gcionn, d'fhill an fhuiseog ar an nead, agus bhí scéala ag an éinín ba óige dí.
   "Chonaic mé an feirmeoir inniu lena mhac. Dúirt a mhac gur dhiúltaigh a mhuintir, go raibh arbhar dá gcuid féin le baint. "Mar sin," a dúirt an feirmeoir, 'níl aon dul as. Téigh chun an bhaile agus cuir faobhar ar dhá speal, agus déanfaidh muid le chéile é.'"

   "Sin é. Sin an tuar," arsa Mamaí fuiseog . "Caithfidh muid imeacht ar maidin. Má tá rud le déanadh ag duine, ní dhéanfar é go ndéanfaidh séisean féin é."


   Agus go moch ar maidin, d'imigh siad leo agus bhí siad slán sabháilte sular leagadh an chéad ghas cruithneachta.