Oíche Shamhna |
Pictiúir agus scéalta leis na daltaí i rang a ceathair.
Óíche Shamhna Oíche Shamhna bhí mé agus mo chairde ag dul ó theach gó teach. Chuamar thar teach a bhfuil pucaí agus creatlaigh ann. Tá seargáin agus vaimpíreanna ar crocadh ón t-síleáil. Fuaireamar cnónna, milseáin agus oráistí. Tar éis sin chuamar chuig feásta. Bhí ceol agus deochanna agus milseáin ann. Bhí draíodóír ag déanamh cleasaithe ann. - le Emma.
|
|||||
Oíche Shamhna Oíche Shamhna chuaigh mo dheirfiúr agus mo dhearthár ó theach go teach ag bailliú úlla agus cnónna liom. Fuaireamar a lán torthaí, cnónna agus milseáin. Ansin chuamar go dtí an diosco sa halla in Achadh Úr. Bhí taibhsí, cailligh, vaimpíreanna agus zombies ann. Ansin chuamar abhaile. Roinneamar na milseáin agus na torthaí. - le Hakim.
|
|||||
|
|||||
Oíche Shamhna Bhí féasta againn Oíche Shamhna. Bhí mé gléasta suas mar chailleach. D’imríomar úlla san uisce. Ansin chuamar amach. Lasmuigh chonaiceamar sciatháin leathair. Bhí Ciara gléasta suas mar taibhse. Tháinig sí aniar aduaidh orm agus bhain sí geit asam. Ansin d’eirigh sé dorcha. Chuamar ó theach go teach ag bailliú úlla agus cnónna. Fuair mé a lán úlla, cnónna agus milseáin. Is breá liom Oíche Shamhna. - le Shannon.
|
|||||
Oíche Shamhna Oíche Shamhna a bhí ann. Chuaigh mé go dtí Co. An Chláir. Chuaigh mé ó theach go teach ag bailliú úlla agus cnónna. Chonaic mé creatlach, seargán, cailleach agus cat dubh. Chonaic mé sciathán leathair ag eitilt in airde sa spéir, faoi sholas na gealaí. Chuaigh mé ar ais go dtí teach m’aintín ar a naoi a chlog. Bhíomar ag imirt cluichí le húlla san uisce, agus le cnónna. Ar an Domhnach tháinig mé abhaile. - le Cláir.
|
|||||
|
|||||
Oíche Shamhna Chuaigh mé féin agus mo chara Michaela ó theach go teach ag bailliú úlla agus cnónna. Bhí mé gléasta mar chailleach agus bhí Michaela gléasta mar vaimpír. Bhí eagla ar Michaela. Bhí scuab agus cat agam. Ag an gcéad teach tháinig bean go dtí an doras. Ansin chuamar go dtí an céad teach eile agus bhuaileamar cnag ar an doras. Tháinig fear amach agus thug sé milseáin agus barraí seacláide dúinn. Ar aghaidh linn ansin go dtí teach eile agus tháinig
bean amach. Ansin chuamar abhaile. - le Aishling.
|
|||||
Oíche Shamhna Chuaigh mé féin agus mo chlann ó theach go teach ag bailliú úlla agus cnónna. Fuair mé milseáin, úll, cnónna agus barraí seacláide. Níor ith mé na cnónna. Bhí mé gléasta mar vaimpír agus bhí mo deirfiúireacha, Leah agus Jessica gléasta mar chailligh. Chuaigh mé go teach mo chara Aisling. Chuamar amach ó theach go teach arís. Bhí an-sport againn. Is breá linn Oíche Shamhna. - le Michaela.
|
|||||