Oíche Shamhna |
Pictiúir agus scéalta leis na daltaí i rang a sé.
Óíche Shamhna An seachtain ar fad bhí mo chairde agus mise sa scoil ag tnúth le Oíche Shamhna. Bhí cóisir sa halla i Lios Dúin Fhiaich. Ag an doras d’íocamar dhá euro an duine agus tugadh ticéid dúinn i gcóir comórtas don bréagéide is fearr. Bhí cuma iontach ar an halla. Bhí tollán dorcha, uaigneach le damháin alla. Bhí líonta damháin alla ar crocadh as gach cúinne. Ansin bhí comórtas dathúla, ceol dioscó agus a lán cluichí chóisir. Bhí deochanna againn i rith na cluichí. Bhí mo chara Sarah gléasta suas mar chailleach. Bhuaigh sí an duais don bréagéide is fearr. Bhuaigh mise an comórtas dathúla. Bhí an-áthas orainn. Bhí sár-oíche againn. - le Emma.
|
|||||
Oíche Shamhna Oíche Shamhna seo chaite bhí féasta againn. Chuamar ó theach go teach ag bailliú úlla agus cnónna. D’imriómar cluichí mar snapúll, airgead sa bháisín, faigh na málaí. Thug mé cuireadh do Simon, Andrew, Micheal, Niall, Jamie agus Ciarán teacht chuig an bhféasta. Bhí an- spórt againn. Beidh féasta agam arís i mbliana. Tabharfaidh mé cuireadh do Simon, Hakim, George agus Micheál. Imreoímid na cliuchí céanna an uair seo. - le Shane agus Simon.
|
|||||
|
|||||
Oíche Shamhna Oíche Shamhna a bhí ann. Chuaigh mise agus Emma ó theach go teach ag bailliú úlla agus cnónna. Bhíomar gléasta suas mar chailligh. Tar éis sin chuamar go teach Emma. D'itheamar cuid de na milseáin agus na cnónna a fuaireamar. Bhí an-spórt againn agus ansin chuamar a luí. An lá ina dhiaidh sin chuaigh mé abhaile le mo bhréagéide agus an cuid eile de na milseáin agus na cnónna. Bhí gach duine ag caint faoi Oíche Shamhna. D'fhiafraigh siad díom cá ndeachaigh mé. Dúirt mé go ndeachaigh me go Cill Chainnigh. - Nicola.
|
|||||