Camchuairt Chonamara

Tim Robinson

 

 

Is abhainn cháiliúil iascaireachta í Inbhear Mór. Téann sí i bhfarraige díreach taobh thiar de Rosmuc, agus tá sí ina teorainn idir dhá dhúiche ársa. D’fhéadfaí croílár Chonamara a a thabhairt ar an gceantar taobh thiar den abhainn; ba le dream ar a dtugtaí na Conmaicne an limistéir seo tráth. Ceaptar gur de shliocht Chonmac iad, mac le Fergus Mac Róich. Tugadh Conmaicne nó Treabh na Farraige ar an gceantar seo le hidirdhealú a dhéanamh idir é agus na limistéir eile a bhí acu. Uaidh seo a tháinig an t-ainm Conamara.

Nuair a rinne údaráis na banríona Éilis Connacht a roinnt ina contaetha sna 1580í, thug siad Barúntacht Bhaile na hInse ar an gceantar seo. Cuireadh an tseandúiche taobh thoir den abhainn ar a dtugtaí Gnó Mór isteach le Barúntacht Mhaigh Cuilinn. Sa lá atá inniu ann, áfach, glactar leis go gclúdaíonn an t-ainm ‘Conamara’ an chuid is mó den cheantar as seo soir go cathair na Gaillimhe freisin, agus níl daoine ar aon intinn faoi chríocha an cheantair.

Thug Roderick O’Flaherty ‘Inverglassan’ ar an abhainn féin ina leabhar Iar Connaught. ‘Inbhear Glasáin’ a scríobh Ó Donabháin i nGaeilge, ach thug sé le fios go raibh ceo na mblianta ar an ainm sin lena linn féin. Sa lá atá inniu ann ní thugtar ar an abhainn ach Inbhear Mór, is é sin béal mór na habhann. Tá Inbhear Beag suite leathmhíle níos faide soir. Is abhainn í seo a éiríonn i Loch Inbhear Beag, díreach ó thuaidh de bhóthar an chósta. Faigheann an loch seo a cuid uisce as sruthán a éiríonn sa loch is mó sa cheantar, Loch an Oileáin, loch atá suite beagán níos faide isteach faoin tír. Tugtar Loch Inbhear aa gCléireach ar Loch an Oileáin ar mhapa Ordanáis na Suirbhéireachta. Is ó ‘Log na gCléireach’, gleann na sagart, a tháinig an t-ainm seo, áit atá suite soir ó thuaidh ón loch. Léití an tAifreann ann aimsir na bPéindlíthe.

An t-ainm a thugtar ar an loch anois, Loch an Oileáin, is tagairt atá ann don oileán atá ar an loch a bhfuil seanteach álainn iascairí suite air, agus crainnte agus gairdíní mórthimpeall air. Is duine darbh ainm James O’Hara a thóg an teach seo am éigin sular deineadh léarscáil na Suirbhéireachta Ordanáis in 1839. De réir leabhar Stephen Gwynn A Holiday in Connemara, tá sé ráite gur ar an oileán a tógadh an teach ionas nach gcuirfeadh na daoine a bhí ag fáil bháis leis an ngorta isteach ar na hiascairí. Tugann sé le fios áfach gurb é an nós a bhí ann le linn a chuairte fuílleach an éisc, ar a laghad, a thabhairt do na boicht. Chaith Gwynn tréimhse sa gceantar, le linn úinéireacht an Tiarna Dudley sílim. ( Sin é William Humble Ward, an dara Tiarna Dudley, 1867-1932, Ard-Leifteanant na hÉireann 1902-1905 agus Ard-Ghobharnóir ar an Astráil ina dhiaidh sin.)

Tugann Gwynn cuntas barúil ar an lá ar tháinig sé go bruach an locha, áit a raibh air fanacht go dtí gur tháinig an buitléir amach ón oileán chuige, gur bhailigh sé a chárta aitheantais agus gur thaispeáin sé do Mháistir an Tí é. Nuair a bhí an méid seo déanta, tugadh cead isteach ar an oileán do Ghwynn.

Théadh na huaisle ag iascach ar ndóigh ar go leor de na locha atá scaipthe ar fud an cheantair fhairsing phortaigh seo. Leagadh síos clocha cise – clocha cosáin – dóibh, agus tugadh Bóithre na nUaisle orthu seo tar éis tamaill. Téann ceann de na cosáin seo soir ó Loch an Oileáin chomh fada le Loch na hAille Daraí. Is bóthar portaigh atá i gcuid den chosán seo anois, Bóithrín an Loigín, agus téann sé thar mhullán cloiche, Cloch Mhór an Phríosúin. Tugtaí priosúin ar phíosaí boga portaigh agus tháinig mé ar an ainm seo ar roinnt áiteanna eile ar fusa i bhfad dul iontu ná a theacht astu.

Ag filleadh ar an bpríomhbhóthar cois cósta anois agus m’aghaidh soir tá loch beag, Loch Lathach na gCapall. Áth ar an mbóthar a bhíodh anseo agus tugadh an t-ainm seo air mar gheall ar an bpuiteach a dhéanadh na capaill. Trasna uaidh seo tá góilín farraige a dtugtar Crompán Aill an Mhianaigh (nó An Mhianra) air. Mianach atá i gceist leis seo agus tá ainmneacha cosúil leis ar fud Chonamara ar áiteanna a mbíodh mianach tráth, cé nach eol dom an raibh mianach riamh san áit áirithe seo nó nach raibh.

Tá an teach ina mbíodh cónaí ar an scríbhneoir Colm Ó Gaora (1887-1954) i bhfolach i measc na gcrann taobh thall den chasadh sa mbóthar a théann síos chuig an gcrompán seo. Luaigh mé a leabhar Obair is Luadhainn (1937) cheana; déanann sé cur síos ann ar shaol oibre na Gaeltachta, iascairí, feirmeoirí, lucht bainte carraigín agus dóiteoirí ceilpe agus chomh maith leis seo tá caibidil ghearr aige faoi na cluichí a himrítí sa mbeagán ama a bhí fágtha tar éis na hoibre. Tugann Ó Gaora tuairisc ar a laethanta scoile i Rosmuc, a chuid oibre mar mhúinteoir taistil le Conradh na Gaeilge agus an pháirt a ghlac sé i bhfeachtas áitiúil an IRA i rith Chogadh na Saoirse ina dhírbheathaisnéis Mise (1943). Beidh mé ag tabhairt cuntais ar shuíomh ceann de na cathanna ar scríobh sé faoi, luíochán na Scríbe, in alt amach anseo.

Is í Bridget Bhreathnach a d’aistrigh alt seo Tim Robinson. Is é alt a 30 de shraith alt atá ann. Foilsíodh Altanna 1-29 ina leabhar "Mapping South Connemara" atá le fáil ó "Folding Landscapes" i gCloch na Rón. D’aistrigh Liam Mac Con Iomaire an leabhar go Gaeilge faoin teideal "Conamara Theas - Áit agus Ainm", agus d’fhoilsigh Coiscéim é i 1992. Leanfaidh Cuisle an tsraith sna heagráin atá romhainn.

 

 

 

Abhaile | Cé Muide | Eagrán Reatha | Nascanna