Maggie O'Kane

Cá bhfuil an t-iontas?

 

Guardian journalist Maggie O’Kane left Belfast when she was 12 years old. She returned to live in her native city last year, but found she could not write about the North. After a decade of writing about dictatorships, Ireland’s ‘grubby little war’ turned her off. ‘Writing about this cowardly war sustained by bankrupt minds left me cold,’ she writes.

 

 

AR THAOBH Bhanc na hÉireann ar Chearnóg Shaftsbury Bhéal Feirste tá dealbh ollmhór chré-umha. Fear a bhuaileann gong miotail atá ann.

Is mé im’ ghirseach 12 bliana ar chúl Fiat 127 dúghorm meirgeach – é ag casadh isteach ó Bhóthar Lios na gCearrbhach – is cuimhin liom mo mhuineál a chasadh siar leis an bhfíbín a bhí orm breathnú ar an bhfear ollmhór cré-umha seo.

Beagnach 25 bliain níos déanaí, is mé ar ais i mBéal Feirste, is minic nuair a théim thar m’fhear cré-umha go gcuimhním ar an iontas a bhí orm an t-am úd.

Tá a cuid iontaisí is uafáis fós ag an gcathair a d’fhág mé an uair sin. Tar éis 16 bliain i mBaile Átha Cliath; péire i bParas agus seacht gcinn i Londain táim ar ais.

B’é m’eagarthóir sa Guardian a mhol dom filleadh ar Éirinn. Bhí m’fhear céile, John Mullin, le dul ann agus comhfhreagras na hÉireann a scríobh don pháipéar. Bhí mise leis an jab a bhí agam i mo chomhfhreagraí eachtrach a nascadh le roinnt scríbhneoireachta don Observer faoin Tuaisceart.

Bhí mac linn, Billy, ocht mí d’aois nuair a shroich muid Béal Feirste bliain ó shin.

Bhí drogall áirithe orm filleadh ar an ‘Scéal’ sa Tuaisceart. Mar sin féin, bhínn ag scríobh faoi le linn mo chuid ama sa Sunday Tribune nó le Magill agus RTÉ agus bhí corr-sciuird siar tugtha agam don Guardian. Céard a bhí inti ach cathair eile?

Ansin rinneadh parailís den drogall. Scríobh faoi Thuaisceart Éireann? Bhuail sé mé de bhuille marfach sna putóga ar dhara urlár Óstán Dukes, gar do Ascaill Gharraí na Lus.

Tasc deireadh seachtaine a bhí agam: scríobh faoin rang bunscoile ar Bhóthar Ormeau ina raibh mé tráth. Na daoine a bhí i bpríosún is na daoine nach raibh. Iadsan a chaill daoine muinteartha leo sna Trioblóidí agus mar sin de.

Le linn dom a bheith sa tóir ar an ngrianghraf riachtanach úd den rang iomlán, thuig mé nach mbeinn in ann scríobh faoi Thuaisceart Éireann le paisean ar bith, ná le dúthracht. Ní raibh mé in ann é a thuiscint. Bhí mo chuid préamhacha, agus préamhacha mo thuismitheoirí, ar fad sa dúiche seo.

Thuig mé ar deireadh é. Chuir polaitíocht na háite isteach orm, lena cuid mantras Oráisteacha, a cuid leathchainte poblachtaí. Bhí mé dubh dóite aici.

Tar éis 10 mbliana i mo chomhfhreagraí eachtrach i mBoisnia, san Íaraic, in Haiti agus tar éis a bheith ag scríobh faoin mbrúidiúlacht agus faoin mire a shíolraíonn ó na deachtóirí, ó na sean-chumannaigh, ón aineolas is ón tsaint, ní raibh mé in ann Béal Feirste is a cogadh beag salach suarach a fhiosrú. Níorbh fhéidir liom cur suas leis.

Ar fhaitíos na míthuisceana, ní hé nach raibh sé sách ‘mór’ dom, mar scéal. Is é gur mhothaigh mé ciaptha cráite go raibh sé fós ar siúl.

Ní raibh an t-aineolas ann, ná an mire, ná an daille iarchumannach, ná an antoisceacht Ioslamach. Ní raibh aon leithscéal againn i ndáiríre.

Scríobh faoin gcogadh cladhartha seo a bhí á choinneáil sa tsiúl ag lucht an smaointeachais bhancbhriste tráite? D’fhág sé gan spreagadh mé.

D’éirigh mé as a bpost lánaimseartha a bhí agam. Thosaigh mé ag obair ar conradh i mo chomhfhreagraí eachtrach agus idir na turais shleamhnaigh mé isteach sa dianchaidreamh paiseanta úd a bhíonn ag máthair leis an gcéad mhac.

Ba chuma liom, fiú, dá gceapfadh duine gur gunnadóir dílseach a bhí im’ mhac, Billy Mullin, mar gheall ar an ainm a bhí air.

Den chuid is mó, ghearr mé amach an méid a bhí ag tarlú im’ thimpeall. ‘Rinne’ m’fhear céile Tuaisceart Éireann.

Le linn laethanta deiridh 1997, lámhachadh Billy Wright go fuilteach sa Cheis Fhada. Baineadh cor as próiseas na síochána ach tháinig sé chun socrachta arís.

Tháinig méadú as cuimse ar an meas a bhí agam ar Mho Mowlam. Bhí Mac Ádhaimh ag briseadh na múnlaí agus fiú Trimble, thosaigh sé ag teacht le culaith nua an státaire.

Shiúil mé an Afganastáin, an Chambóid, an Íaraic, an Afraic . . . mhothaigh sé ceart.

Idir an dá linn, chuir mé eolas ar Thuaisceart Éireann i mo thurasóir i veain buí campála Toyota agus meirg uirthi. Billy, Sharifa (bean ón Afganastáin a raibh scéal fada ag dul léi) agus mé féin, ag bualadh amach Domhnach fliuch thart ar chósta Aontroma nó go dtí an Caisleán Nua; barbeque ar foscain ón ngaoth ar chúl na leithreas poiblí.

Amantaí tháinig an ‘Scéal’ suas liom. Bhí Droim Chrí ag lobhadh léi agus Domhnach amháin rug brúidiúlacht m’áite dúchais greim scornaigh orm. Paráid fhuilteach ag Droim Chrí, ansin gasúir ag scairteadh san oíche, "Tá mo chosa ag dó."

Chuaigh m’fhear céile chuig teach dóite Uí Chuinn an mhaidin Domhnaigh úd. Labhair mé leis ar an bhfón póca ó thrá fholamh an Chaisleáin Nua. Bhí tocht éigin sa ghlór aige.

"Tabhair póigín dom’ bhuachaill domsa," ar seisean.

An lá ina dhiaidh, Dé Luain, chuaigh an pharáid Oráisteach síos Bóthar Ormeau agus fios acu go raibh fuil Uí Chuinn ar bharr miotóga bána a Lóiste.

Chuaigh mé chun breathnú orthu: Libération, Le Monde, Corriere della Sera. Bhí cuid mhaith de na hiriseoirí a raibh aithne agam orthu ó áiteanna i gcéin ar an láthair.

Bhreathnaigh mé ar a gcuid leabhar nótaí faoin mbáisteach, iad ag breacadh síos ráitis ó áitritheoirí Ormeau a bhí ag maíomh astu féin ón talamh ard mhorálta. Bhreathnaigh mé ar shúile corracha na bhFear Buí agus iad ag máirseáil tharainn go bréagbhuacach, damnaithe.

D’éist mé le mo chomhghleacaithe ón iasacht ag sciotaíl gháire faoina gcuid hataí babhlaeir. Bhíos ag breathnú ar bhás an Oráisteachais.

Rinneadh marú arís, agus bhí níos mó ná daoine i gceist. An Ómaigh: d’éist mé leis ar Raidió a hAon ag tiomáint ar ais ó Ros Láir sa veain campála dílis. Emer Woodful, an World at One, ar aghaidh is ar uile, agallaimh leo siúd a tháinig tríd, athair ag caint faoin oíche a chaith sé ar lorg a mhic mhairbh.

Ní raibh aon deor fágtha faoin am ar shroich mé Bleá Cliath.

Le linn don tír ar fad a racht a chaoineadh, bhí an náisiúnachas agus an poblachtánachas ag saothrú báis chomh maith.

Mór an mhaith, a shíl mé. Cé mhéad uair i sráidbhailte scriosta Bhoisnia nó Kosova a fágadh páiste ag screadach, "Tá mo chosa ag dó," in ainm an náisiúnachais?

Bhí deireadh, ar deireadh, leis an schizophrenia, leis an débhríochas fordhaite faoin bpoblachtánachas. Bhí deireadh le laethanta na n-amhrán poblachtacha sa chlós scoile ag Bunscoil an Choróin Mhuire i mBéal Feirste.

"History creeks on its bloody hinge, and the unspeakable is done again." John Montague, Lúnasa 1998.

Mar sin, cá bhfuil an t-iontas? Céard atá fágtha 25 bliain níos déanaí le breathnú air?

Is é an t-iontas, mar a dúirt Clinton linn i mBéal Feirste, go bhfuil ag éirí leis an tsíocháin. Oibreoidh sé agus i bhfocail aitheasc an Phiarsaigh ag béal uaighe Uí Dhonnabháin Rossa, "Éiríonn náisiúin bheo aníos as uaigheanna na bhfear is na mban a thug grá dá dtír."

Níor theastaigh ó dheartháireacha Uí Chuinn agus lucht siopadóireachta na hÓmaí bheith ina dtírghráthóirí – ach mharaigh a mbás faisisteachas na bhFear Buí agus béaltacaíocht an phoblachtánachais mhíleata.

Faoi dheireadh, is féidir linn teacht in inmhe.

Trí lá roimh sheirbhís chuimhneacháin na hÓmaí fuair mé glaoch ó eagarthóir nua an Observer. Bhí sé ag iarraidh orm scríobh faoin tseirbhís.

Comhrá gairid a bhí ann. Níor chabhraigh sé liom dul chun cinn sa nuachtán ach ba chuma sin. Mhothaigh sé ceart.

Aistriúchán ar alt i mBéarla atá sa méid thuas.

 

 

 

 

Abhaile | Cé Muide | Eagrán Reatha | Nascanna