Gerry Adams

 

 

 

 

 

An Duais Nár Bronnadh

Desmond Johnson

 

MÍ MHEÁN FÓMHAIR, is mé sa Cheis, Co. Fearmanach, chuir mé ceist ar bheirt iascairí ó Bhéal Feirste a tháinig le Loch Éirne a thriail. Dá scaradh Typhoid Mary í féin amach ó sna daoine dá toil féin, an bhfaighfeadh sí gloine te a ól sa Teach Bán? Nó an mbronnfaí duais leighis Nobel uirthi? Féach an maitheas a bheadh déanta aici don domhan mór: deireadh leis an dtinneas is an mbás a raibh sí féin páirteach iontu. Nach fiú duais an méid san? Mmm, arsa duine díobh, I see what you mean. Freagra slán sábháilte, ní hionann agus an cheist.   Ní magadh an t-aon rud a bhí ar m'aigne an t-am ud. Bhí ré na nduaiseanna Nobel ag druidim linn. Seans go mbeadh an Tuaisceart ar an gclár arís. Ach ag an am céanna, b'fhéidir go ndearna mé faillí ar Typhoid Mary bhocht. Cérbh í Typhoid Mary? Is cé hiad a sliocht spioradálta inniu? Mary Mallon a bhí uirthi, Éireannach a rugadh tuairim is 1870. Nuair a d'fhág sí an baile, ba go New York City na bpolaiteoirí is na bpóilíní a sheol sí, áit ar bhain sí droch-chlú amach, áit ar chaith sí deireadh a saoil go huaigneach.  Cócaire ab ea í. Agus sláinte an bhradáin aici. Ach ní mar san do go leor eile ina timpeall. Bhris an tíofas amach i New York tuairim is 1900. Níor samhlaíodh baint ar bith a bheith ag Mary leis sin. D'aistrigh sí ó phost go post minic go leor. Ach nuair a bhí tuairim is leathchéad buailte le tinneas is ceathrar marbh, thosaigh an bhleachtaireacht i ndáiríré. Tá tóraíocht Mhary ar cheann de sna heachtraí is cáiliula i stair na hepidimeolaíochta, bleachtaireacht a deintear amuigh sa phobal is ní sa tsaotharlann. Tar éis dó labhairt le formhór na ndaoine ar bhuail an tinneas iad, facthas don epidimeolaí George Soper gur ith siad uilig bia í líon beag bialanna. Is bhí Mary fostaithe i ngach ceann díobh nuair a d'ith na daoine bochta an bia mífholláin.  Níor rugadh ar an mbean bhocht go dtí 1907. Um an dtaca seo, ba cause celèbre a cás. Bhí a hainm sna nuachtáin. Thug duine de nuachtóirí Hearst Typhoid Mary uirthi. Is bhí a fhios aici go rabhthas ar a tóir: nuair a gabhadh í, bhí sí i bhfolach taobh thiar de channaí bruscair. Iompróir ab ea Mary, 'sé sin, bhí orgánach an tíofas inti ach í féin saor ón ngalar. Is bhí sí flaithiúil leis an orgánach céanna lena lámha is lena a casacht. Ní raibh leigheas dí ann an t-am ud. Amhail príosunaí ciontaithe, cuireadh iachall uirthi cónaí ina haonar ar oileán beag san East River.  D'fhan sí ann, in aghaidh a tola, go dtí 1910, uair a scaoileadh saor í ar ghéarchoinníollacha a háiríodh go mion. Ach ba chuma le Mary is níor bhac sí le coinníollacha. Seoladh thar n-ais dá tigín aonarach í i 1915. Coimeádadh ann í go bhfuair sí bás i 1938. Tá uafás go leor sa scéal san. Is ceisteanna móra. Cearta an duine nó sábháilteacht an phobail? Sa lá atá inniu ann, tá brí leis na ceisteanna san go fóill. Tá an eitinn doleigheasta ag forbairt, is beidh AIDS ar an saol ar feadh tamaill go fóill. Gan trácht ar Ebola is a leithéidí. Tá go leor drugaí ar fáil anois, ach tá a n-éifeacht ag dul i laige de bhárr mí-usáide. Is tá na dlithe ag éirí níos daingne i gcoinne an duine aonair i leithéidí na gcás san. Seans go mbeidh Typhoid Mary eile i ngéibhinn amach anso. I gcursaí polaitíochta na héireann, tá féidir liomsa plé le bac ar chearta an duine nó chearta na meán anso, le cumhacht na ngardaí is na gcuirteanna. Ná leis an dtionchar atá orthu san ar na trioblóidí aduaidh. Ach nuair a chuala mé gur bronnadh duais Nobel ar Hume agus Trimble, cheap mé go raibh freagra agam ar cheist a bhí agam i dtosach: an bhfaighfeadh Mary Mallon duais Nobel? 'Séard do bhí ar aigne agam ná go raibh an oiread san fáilte roimh Gerry Adams anso i Meiriceá nach mbeadh ionadh orm dá bhfaigheadh sé duais Nobel de bharr gach a rinne sé ar son na síochána. Ach ní bhfuair.  Rith sé liom ansan go raibh fadhb leis an meafar a cheap mé.  Ní hionann Adams is Typhoid Mary. Má leantar leis an meafar, déarfainn go raibh Adams tinn uair sa tsaol. Is go bhfuil sé ar shlí a shláinte anois.  Ach Trimble? B'fhéidir gur cosúla eisean le Typhoid Mary! Leis na lámha glana, gan rian pudair ná Semtex orthu! Ní raibh sé tinn riamh sa tslí chéanna le hAdams. Ach arbh iompreoir é Trimble? Is an bhfuil an leigheas ceart aige anois? B'fhéidir é! Chuala mé beirt Lochlannach ar an raidió sular bronnadh an duais. Níos luaithe i stair na duaise, ní bronntaí í ach ar dhaoine a raibh a gcuid oibre críochnaithe acu. Ar nós crios sábhála a chaithfí chuig fear a tháinig slán ón bhfarraige is atá anois ar an gcladach, sin a duirt Shaw faoin nós san, uair. Ach d'fhoghlaim coiste na duaise rud, is anois bronntar duaiseanna le cabhrú le daoine an sprioc a bhaint amach.  Go n-éirí an t-ádh leo. Is go raibh suaimhneas ag Mary Mallon.

 

Abhaile | Cé Muide | Eagrán Reatha | Nascanna