Leagan Cainte

Liam Mac Com Iomaire

Liam Mac Con Iomaire

 

 

 

 

 

Tóg Sos

AR CHLÁRACHA na n-iarratas, ar an raidió agus ar an teilifís, tá nós ag craoltóirí an Bhéarla "We’ll take a break now" a rá, nuair a bhíonn fúthu ceirnín a sheinm nó fógra a chraoladh. Nuair a fiafraíodh de phainéal Leagan Cainte an mbeadh glacadh acu le ‘Tógfaidh muid briseadh anois’, bhíodar ar aon fhocal nach mbeadh.

Ba cheart don chraoltóir Gaeilge an leagan a sheachaint ar fad, dar leo, agus a insint amach go díreach céard atá ag dul ag tarlú: ‘Stopfaidh muid ag caint anois mar tá amhrán (nó píosa ceoil) agam daoibh’, ‘Mar athrú beag anois casfaidh mé amhrán (nó píosa ceoil) daoibh’, ‘Éistfidh muid le píosa ceoil anois.’

Ní bheadh aon locht mór ag duine nó beirt den phainéal ar ‘Tógfaidh muid sos anois’ ach ní bheadh glacadh ag aon duine acu le ‘Tógfaidh muid briseadh anois’. Níl aon chiall leis, agus níl aon chall leis, dar leo.

Ceist eile faoi iarratas eile anois, agus an craoltóir ag rá: ‘Tá an litir seo ó Mháire Ní Néill.’ An bhfuil ciall ar bith leis sin?

Is í an chiall atá leis go bhfuil an litir seo ag teastáil ó Mháire Ní Néill. Má bhíonn rud éigin ó Mháire is ionann sin is a rá go bhfuil an rud sin ag teastáil ó Mháire, agus má tá an litir ag teastáil uaithi, nach aisteach gur sheol sí isteach chuig clár na n-iarratas í!

Is ó Mháire Ní Néill (a tháinig) an litir seo’ ‘Tháinig an litir seo ó Mháire Ní Néill’ an bealach is fearr lena rá, nó ‘Tá litir anseo agam ó Mháire Ní Néill’.

Tháinig Seán

Leagan eile atá cosúil leis sin: ‘Tagann an litir seo ó Sheán Ó Sé.’ Ciallaíonn sé sin go dtagann an litir chéanna seo, arís agus arís eile, ó Sheán Ó Sé, nuair is í fírinne an scéil nár tháinig an litir uaidh ach aon uair amháin. ‘Tháinig an litir seo ó Sheán Ó Sé’ ‘(Is) ó Sheán Ó Sé (a tháinig ) an litir seo’ an bealach ceart lena rá.

Agus leagan eile fós atá cosúil leis an gceann deiridh sin, leagan a chloistí sna fógraí báis: ‘Fágann sé bean agus triúr clainne ina dhiaidh’. ‘Tá bean agus triúr clainne fágtha ina dhiaidh aige’‘Maireann a bhean agus triúr clainne’ is coitianta anois, agus sin é an rud ceart, ar ndóigh.

Mheabhraigh sé seo drochleagan cainte don phainéal a chloistear ó am go ham agus ar aistriú díreach ón mBéarla atá ann: ‘Tá sé pósta le triúr páistí!’

Tá sé pósta agus triúr páistí aige (acu)’ nó ‘Tá sé pósta agus triúr clainne air (orthu)’ an bealach is nádúrtha lena rá.

Agus ós ag caint faoi chúrsaí fear agus ban muid, chuir Mairéad Nic Dhonncha as Gaillimh leagan deas chugainn ar bhean a mbeadh a fear imithe uaithi: ‘Baintreach an fhir bheo’. D’fheilfeadh ‘Baintreach an duine bheo’ don fhear nó don bhean a bheadh sa gcás céanna sin.

 

* Bíonn Leagan Cainte le cloisteáil ar Raidió na Gaeltachta ar an Aoine ar 3.30 p.m. agus bíonn athchraoladh den chlár le cloisteáil an Domhnach dar gcionn ar a 10 a.m.

 

 

 

 

Abhaile | Cé Muide | Eagrán Reatha | Nascanna