Camchuairt Chonamara

 

Tim Robinson

 

 

 

 

Continuing our series on Connemara placenames, Tim Robinson visits Cill Bhriocáin

 Leagan Gaeilge le Bridget Bhreathnach

RINNE MÉ tagairt do Chill Bhriocáin san alt roimhe seo. Gobann an baile seo siar amach ó leithinis Rosmuc. Cuireadh an t-ainm seo ar an mbaile de bharr na seanbhallógaí séipéil (nó cille) atá ann ón séú aois déag agus gach seans gur ar shuíomh séipéil níos sine arís a tógadh é de réir Antiquities of the Barony of Moycullen a foilsíodh in iris don G.H.A.S. i 1947.

Glacaim leis gur don naomh céanna a tíoclacadh an séipéal seo agus don Bhriocán a bhunaigh Na Seacht dTeampaill in Árainn de réir an scéil. Deirtear go raibh aighneas idir é féin agus Naomh Éinne maidir le deighilt an oileáin.

Teampall beag simplí atá i gCill Bhriocáin. Tá áirse beag os cionn an dorais ar dheis, é ina dhá phíosa. Is féidir cuid de bhallaí theach an tsagairt a fheiceáil go fóill. Is sa tseanreilig atá an séipéal suite ar thaobh cnocáin agus radharc álainn ar na crompáin agus sléibhte ó thuaidh de.

Tá Tobar Bhriocáin ar leic an dorais beagnach, agus déantar cuairt ar an tobar ar an 15ú Lúnasa. De réir an tseanchais, bhíodh cloch in aice leis an tobar, Leac Bhriocáin, áit a dtugadh daoine mionna, ach mionnaíodh bréag uirthi uair agus shlog an talamh í.

Sa leabhar Mise 1952, deir Colm Ó Gaora gurbh iad Muintir Uí Mháille a thóg an séipéal i gCill Bhriocáin. Bhíodh ar mhuintir na háite cead a fháil uathu na mairbh a chur sa reilig ann.

De réir cosúlachta, ghearradh na Máilleacha cáin ar gach clann i Rosmuc. Is le him agus le huibheacha nó a leithéid a d’íocadh daoine an cháin gach Domhnach Cásca.

Cuireadh deireadh leis in aimsir sinsinseanathair an Ghaoraigh ar thaobh a mháthar. Is éard a tharla go bhfuair Muintir Uí Chonaire agus Uí Chatháin an lámh in uachtar ar na Máilleacha lá ar chuir siad troid orthu. Choinnigh Muintir Uí Mháille a gcearta ar an séipéal áfach ar feadh na mblianta ina dhiaidh sin.

Tá baile Chill Bhriocáin féin suite siar ón reilig agus tamall suas uaithi. Is anseo a bhí cónaí ar Chaitlín Maude gar don áit a raibh an tseanfhail. File a bhí inti agus amhránaí ar an sean-nós. Gníomhaí i gcúrsaí polaitíochta ar son a teanga agus a dúchais a bhí inti chomh maith go dtí a bás tragóideach i 1982 in aois a dá scór agus bliain.

D'fhoilsigh Coiscéim a cuid filíochta i 1984. Fágann sin go bhfuil níos mó de shaol Rosmuc i nua-litríocht na Gaeilge ná saol áite ar bith eile, ach amháin Árainn agus na Blascaoid, b’fhéidir.

Tugtar cúpla ainm ar an gcnocán i lár an bhaile: Droim an Bháire, mar gur ann a himrítí na cluichí agus comórtais Lá an Phatrúin; Cnoc an Phatrúin; Cnocán na gCábán mar gheall ar na cábáin a dhíoladh beatha agus deoch le linn na féile.

Tá ceithre chéibh i mBaile Chill Bhriocáin. Ar an taobh ó thuaidh de tá Caladh Chill Bhriocáin. Ar cheann thuaidh an ghoib tá Céibh an tSrutháin Bhuí.

Tá an Chéibh Nua ar Chuan na hAille Buí atá ar an taobh ó dheas den chuan. Ainmníodh an cuan ón dath meirge atá ar an aill. Ar deireadh tá Céibh Cheann an Bhóthair, é suite ar cheann thiar an ghoib.

Is féidir siúl amach ar Áth na mBeithíoch as an gcéibh seo go dtí An tOileán Mór. Is fada ó dúnadh scoil an oileáin, Scoil Muire Oileán Iartach a tógadh i 1952. Tugadh an t-ainm sin ar an scoil mar gur ar Oileán Iartach a bhí scoil suite.

Níl duine ar bith ina chónaí ar Oileán Iartach níos mó. Tá céibh bheag ar an taobh thiar den oileán, beagán ó thuaidh den bhóithrín, tá lorg reilig páistí anseo, í beagnach ídithe ag an bhfarraige. Níor chuala mé ainm na áite i gceart ach sílim gur Cultán nó Cultogha atá uirthi. Bheinn buíoch don léitheoir a chuirfeadh ar an eolas mé.

Tá iarsmaí de sheantóchar ann as seo chomh fada le hOileán Iarthach, agus bíonn siad faoi uisce ar rabharta. Is ar an gcladach thuaidh trasna uaidh atá ballaí na seanscoile. Amach tamall ón tseanscoil tá oileáinín ar a dtugtar Crow Island i mBéarla, ach cuireadh an Béarla mícheart ar an oileán.

Is é an focal Gaeilge cró atá i gceist leis déarfainn. Ach más ea ní thuigim cén fáth gur tugadh Poll an Chroaí ar an gcrompán atá trasna uaidh agus in aice na scoile.

Mar chlabhsúr, deirtear liom gur Céibh an tSiléir a thugtar ar an gcaladh beag atá anseo cosúil leis an gcéibh arb ionann ainm di atá i ndeisceart Rosmuc.

Tá cur síos greannmhar faoin scoil san Oileán Iarthach san iris Rosc '78 ag Pádhraic Ó Conchúir a bhí ag múineadh ann luath sna tríochaidí. Ós rud é go mbíodh air an dá áth a thrasnú le dul chomh fada leis an scoil ón áit a raibh lóistín aige, bhraitheadh na huaireanta scoile ar an taoille.

Insíonn sé freisin faoin uair a tháinig an tAthair Ó Conaola go dtí an t-oileán agus a thug sé leis gach pictiúr beannaithe agus crois chéasta a bhí ar an oileán.

Dúirt sé go dtabharfadh sí ar ais iad dá ngeallfaidís éirí as déanamh an phoitín. Ba chuid mhór de theacht isteach na n-oileánach a bhí sa phoitín.

B’é deireadh an scéil go raibh na crúscaí agus eile ina gcarnán mór os comhair theach an phobail i Rosmuc, áit ar dódh iad. Deirtear go raibh solas na tine ó thogha an phoitín le feiceáil na mílte ó bhaile.

  • Tá dhá leabhar de chuid Tim Robinson aistrithe ag Liam Mac Con Iomaire agus foilsithe ag Coiscéim. Is iad Spás, Am, Conamara (£2) agus Conamara Theas, Áit agus Míniú (£4).

Abhaile | Cé Muide | Eagrán Reatha | Nascanna