An Fhuinneog

an fhuinneog

 

 

 

 

 

Slán leis an Deutschmark

This year Germany celebrated the deutschmark’s 50th birthday, and one of its last: the Euro is on the way, bringing with it the end of postwar Europe.

 

1 CHOMH FADA is a bhaineann le go leor in Éirinn, is i 1973 a thosaigh stair na hEorpa. Chuaigh Éire isteach sa Chomhphobal Eorpach an bhliain sin. Chuaigh an Com hphobal chun tairbhe na bhfeirmeoireachta abhus, agus ansin cuireadh forbairt ar bhóithre na tíre.

2 Ach is é scéal an deutschmark an chuid is tábhachtaí de scéal na hEorpa ó bhí an cogadh ann. 1948, 1989, 1998: sin iad na blianta móra i stair an DM, agus dá réir sin go deimhin i stair na hEorpa. Bunú an DM, athaontú na Gearmáine, agus teacht an Euro, sin iad na rudaí a tharla sna blianta sin. Chuir gach ceann díobh craiceann nua ar shaol na linne.

3 Is tír bhrúite, bhriste a bhí sa nGearmáin i 1945, agus is é an DM, plean de chuid Mheiriceá, a chuir tús leis an mbiseach. Míníodh an plean, agus na daoine a bhí ar an eolas, coinníodh in aerfort Rothwesten iad ar feadh 49 lá ar fhaitíos go sceithfí an scéal. Ansin, ar an 20ú Meithimh 1948, bronnadh 40DM an duine ar mhuintir na Gearmáine. Bhí 20DM eile an duine ann tar éis míosa.

4 Níor ghéill Moscó do phlean Mheiriceá. Chuir an Rúis an Ostmark ar bun in Oirthear na Gearmáine láithreach, agus cuireadh síolta an aighnis.

 5 Ag an am, is é Hjalmar Sclacht a bhí ina uachtarán ar an Reichsbank. Dúirt seisean go dtitfeadh an tóin as an DM nua sula mbeadh sé seachtainí istigh. ‘Céard is fiú an t-airgead nua, ar sé, nuair nach bhfuil a luach i dtaisce ag an rialtas sna cófraí óir?’

 6 Faitíos roimh an gcliseadh a bhí air. Mar roimh aimsir an DM, thit an tóin faoi dhó as airgead na Gearmáine, agus bhí cuimhne mhaith ag na daoine ar an drochshaol. Tar éis an chéad chogadh domhanda, d’imigh an boilsciú ó smacht: leathbhilliún mark a bhí ar cháca aráin an lá ba laige an t-airgead. Ansin, le linn Hitler, priondáladh an t-uafás airgid, agus phriondáil na Rúisigh tuilleadh fós nuair a gabhadh an Ghearmáin i 1945. D’fhág sin fuíollach airgid áit a raibh easpa earraí.

7 I 1946, níorbh fhiú deich an truif airgead na Gearmáine. Ba luachmhaire i bhfad na toitíní ná é. Bhí siad sin gann, suas le 6 mark an ceann. Thabharfadh duine an phingin ab airde ar thoitín, faoi mar a thabharfadh an tÉireannach a chuid airgid ar leathphunt tae. Faoi dheireadh, nuair a tháinig an DM, thit praghas na dtoitíní. Dúradh i News Chronicle Shasana: "This week saw the destruction of the most stable currency in Europe, the cigarette."

8 Idir an cogadh agus teacht an DM, bhí córas dearbhán i bhfeidhm sa nGearmáin, mórán mar a bhí sa mBreatain, mar shampla, le linn an chogaidh. Bheartaigh Ludwig Erhard deireadh tobann a chur le córas na ndearbhán nuair a dáileadh an t-airgead nua ar an bpobal. Is stiúrthóir eacnamaíochta a bhí in Edhard, agus níorbh fhiú tada an DM nua, dar leis, muna bhféadfadh sé an tairgeadh earraí a stiúrú. D’áitigh a chuid comhairleoirí air cloí leis na dearbháin, ach chaith sé i dtraipisí iad. An té nach raibh airgead anois aige, ní raibh tada aige.

9 Tháinig an DM i dtreis, ach ní gan dua é. Bhí boilsciú 14% ann an chéad cheithre mhí. I 1948, b’éigean díluacháil a dhéanamh ar an DM in aghaidh an dollar. Ach mhéadaigh ar an naimhdeas idir Meiriceá agus an Rúis. Ní raibh an Ghearmáin, gafa le cúrsaí arm agus slándála, agus bhain sí buntáiste as cogadh an Chóiré, i measc rudaí eile. Is tír gan chumhacht a bhí inti ó thaobh na polaitíochta, ach bhí borradh breá faoina cuid tráchtála. Faoi 1956 agus ‘57, bhí saibhreas mór i gciste an stáit, agus an-chuid óir ar fad. Briseadh ar an nGearmáin sa gcogadh, ach rinne sí aiséirí gan choinne, agus chuir sí iontas ar an domhan mór. "Ní chreideann na Gearmáinigh ar fad i nDia," arsa Jaques Delor uair, "ach creideann siad sa mBundesbank.

10 Le linn na fichiú aoise, is í an chorraíl i gcríocha na Gearmáine an rud is mó a d’imir tionchar ar shaol na hEorpa trí chéile. Athmhuintearas i ndiaidh 45 bliain a bhí in athaontú na Gearmáine i 1989. Leagadh balla Bheirlín, agus leath luach an DM soir. Deich n-ostmark in aghaidh an DM an ráta malarta a bhí ann nuair a tháinig muintir Bheirlín le chéile. Bhí an lá leis an DM arís.

11 Tiocfaidh lá an Euro go gairid, agus beidh deireadh nach mór le hoidhreacht an chogaidh mhóir. Leagfar ballaí, agus beidh éiginnteacht ann. Ach má bhíonn an banc láidir, seans go mbeidh cosúlacht idir forbairt an dá airgead, DM agus Euro, sean agus nua.

.

1 tairbhe - leas; abhus - anseo.

2 dá réir sin - accordingly; athaontú - reunification; chuir craiceann nua ar - lent a new aspect to.

3 biseach - revitalisation; go sceithfí an scéal - that word would get out.

4 síolta an aighnis - síolta an achrainn

5 i dtaisce - in store

6 cliseadh - failure, breakdown; drochshaol - cruatan; boilsciú - inflation; an lá ba laige an t-airgead - when the money was weakest; fuíollach - surplus.

7 deich an truif - ten of spades; luachmhar - valuable.

8 córas dearbhán - a voucher system; dáileadh - distributed; stiúrthóir eacnamaíochta - a director of economy; tairgeadh earraí - production of goods; d’áitigh - implored; i dtraipisí - did away with.

9 dua - stróbh; díluacháil - devaluation; naimhdeas - animosity; cúrsaí slándála - (matters of) security; borradh faoi - was taking off; tráchtáil - commerce, trade; aiséirí - resurrection.

10 corraíl - strife; críocha - tír; athmhuintearas - reconciliation; ráta malarta - exchange rate.

11 oidhreacht - fall-out; éiginnteacht - easpa cinnteachta; forbairt - development

Abhaile | Cé Muide | Eagrán Reatha | Nascanna