LITIR AS MEIRICEÁ

 

Newt Gingrich

 

 

 

 

 

I mBéal na Gaoithe

Desmond Johnson

"TÁ BRAON i mbéal na gaoithe!" Dá gcloisfeá sin i

Washington D.C., ní tagairt don bhraon báistí a bheadh ann, ach don bhraon fola.

Le tamall maith anuas, is í fuil Chlinton a bhí i gceist. Ach anois, is ar fhuil a dheargnamhad Newt Gingrich atá muid dírithe. Agus tá cothrom éicínt sa mhéid san, mar is

duine é Gingrich a bhí riamh ar thóir na fola.

Is é Gingrich príomhúdar an dul chun cinn atá déanta ag na

Poblachtánaigh ó 1994. Léachtóir le stair ab ea é uair agus cumas anailíseach ann. Bhain sé úsáid as an gcumas san lena

pháirtí a chur chun chinn. Agus an sprioc a bhí roimhe ná a

pháirtí a bheith i réim sa Chomthionól go ceann cúig bliana ar a laghad, is an Teach Bán ina nglaic chomh maith. Ní mar a shíl sé atá sé anois. Céard a thárla?

Níos mó ná deich mbliana ó shin thosaigh Gingrich ar a fheachtas. Bhí easaontas ar na Poblachtánaigh is easpa muiníne. Bheartaigh Gingrich an scéal san a leigheas. Bhunaigh sé cúrsaí oiliúna le polaiteoirí óga a thabhairt chun tosaigh. Agus threisigh sé bailiúchán airgid dosna toghcháin a bhí le teacht.

Ón mbunús sin, chuaigh Gingrich i mbun oibre i gceart. I measc a chuid chuspóirí, bheartaigh sé muinín an phobail as na Daonlathaigh a bhriseadh. Um an dtaca san, bhí na Daonlathaigh i réim i dTeach na nIonadaithe le tuairim is triocha bliain.

In 1988, thug Gingrich faoin Daonlathach Jim Wright, fear a toghadh ina Speaker i ndiaidh Tipp O'Neill. (Ní hionann an Ceann Comhairle agus an Labharthóir mar go bhfuil an-chumhacht aige. Mar shampla, muna bhfuil an Labharthóir toilteanach, is rídheacair bille nó tairiscint ar bith a chur faoi bhráid an Tí.)

Tá a fhios ag madraí na sráide nach bhfuil an uile pholaiteoir ina naomh. Is bhí leisce is tarcaisne na mblianta ar go leor Ionadaithe, idir Dhaonlathaigh agus Phoblachtánaigh. Fuarthas locht ar Wright, mar shampla, thuill sé tuairim is $58,000 ar leabhar a scríobh sé, rud is mó ná an méid a cheadaíonn an Teach. D'fhág sé an Teach faoi náire.

Lean Gingrich ar aghaidh le tuilleadh feachtais, scannal i ndiaidh scannail. Fiosraíodh a lán Daonlathaigh. Rugadh ar roinnt díobh, agus gabhadh roinnt Poblachtánach sa líon freisin, ach dob fhiú an íobairt.

Tháinig smál ar naomhluan na nDaonfhlathach. Ar ndóigh, thug Gingrich faoi Chlinton freisin, fiú sarar toghadh ina

uachtarán é. Is anois bhí comhghuaillithe Gingrich oilte go leor ar an gcluiche seo.

Agus ó shin, tá siad ag tabhairt faoi Chlinton gan sos, sna meáin, ar an Líon, is sa Chomhthionól. Ba chuma le cuid de naimhde Chlinton cad dúirt siad, chomh fada is a bhíodar ag caitheamh clabair le ballaí an Tí Bháin.

Ach ní ar a leithéid de thaicticí amháin a bhí Gingrich ag brath.

Thaispeáin sé go héifeachtach, agus móramh ag na Daonlathaigh sa Teach fós, go raibh an oiread san easaontais ina measc nach raibh ar a gcumas bille tábhachtach an uachtaráin Dhaonlathaigh a achtú gan chabhair ósna Poblachtánaigh.

Mar sin, trína pháirtí a mhúscailt is a aontú, is trí ísliú

céime a thabhairt dosna Daonlathaigh arís is arís eile, bhí

Gingrich mar phríomhúdar ar an mbua iontach a bhí ag na

Poblachtánaigh i 1994 – tuairim is 50 suíochán breise sa Teach as 435, is go leor sa Seanad ionas go raibh móramh ansin acu freisin. Bhí an réabhlóid tagaithe.

Ach dá thoradh seo, bhí Gingrich sa rialtas is ní san fhreasúra. Níor oir san dó. Duine borb, mídhaonna, sin í an cháil a tharraing sé air féin.

Ina theannta san, go luath tar éis an toghcháin, ghlac sé lena bhfad níos mó airgid ná mar a ghlac Jim Wright leis, $4.5 milliún, le leabhar a scríobh. Gearradh fíneáil mhór ar Ghingrich, is bhí air diúltú dosna milliúin san. Ansan, cuireadh fiosrú air de bharr a scéimeanna oiliúna is bailiúchán airgid. Ach sheas sé an fód.

Faoi Shamhain 1995, d’éirigh coimhlint idir Gingrich is Clinton faoin cháinaisnéis. Dá thoradh seo, dúnadh an chuid is mó den státseirbhís fiodarálach. Ní raibh na seiceanna pinsin ag dul chuig na mílte seanóirí. Bhí iarsmalanna is leabharlanna

fiodarálacha dúnta, agus dá bharr seo, cuireadh as dá lán

cláranna scoile. Cuireadh an milleán ar Ghingrich, is d'admhaigh sé go ndearna sé amhlaidh is fearg air faoin suíochán a fuair sé ar eitleán an uachtaráin is iad ag dul ar shochraid in Iosrael.

Bhí smál ar naomhluan Gingrich um an dtaca seo. Laghdaigh sé ar a ráitisí poiblí. Ón gcúlra, áfach, lean sé le stiúrú an fheachtais i gcoinne Clinton.

Ach is sárpholaiteoir é Clinton. Feictear anois go raibh sé i mbun ghnóthaí na tíre d'ainneoin na n-ionsaithe uilig. Ní hé sin le rá go bhfuil Clinton gan locht. Níl ar chor ar bith. Ach d’éirigh cuid mhór den phobal bréan den fheachtas ina aghaidh. Ní hamháin toisc nach raibh aird ag na Poblachtánaigh ar ghnó na tíre, ach toisc go raibh a bhfeachtas chomh claonta is pearsanta.

Dá mbeadh an chuma ar na Poblachtánaigh go rabhadar ag iniúchadh Clinton is iad mar mhaoir iontaofa, cúramacha na Poblachta, bheadh malairt scéil acu inniu. Ach mar chonairt a facthas iad, gach liú fiaigh ag lucht tacaíochta Gingrich, na madraí ag tafann is iad ar tí an sionnach a stracadh as a chéile.

Roimh an toghchán deiridh, dúirt Gingrich go mbuafadh na

Poblachtánaigh daichead suíochán breise sa Teach is dosaen sa

Seanad. Sa tslí san, d'fhéadfadh seanadóirí Poblachtánacha

 

filibuster a shárú, agus d'fhéadfadh Poblachtánaigh sa dá sheomra veto an uachtaráin a shárú. Is bheadh cead a gcinn acu leanacht ar aghaidh le táinseamh Clinton is le scrios na nDaonlathach.

Bhí na staitisticí ar thaobh Ghingrich. Ar an meán, i dtoghchán mar seo, is é sin sa séú bliain de réimeas an uachtaráin, buann an páirtí nach bhfuil an Teach Bán acu 24 suíochán breise sa Teach. Ach an dreas seo, chaill na Poblachtánaigh cúig shuíocháin sa Teach. D'fhan an

coibhneas mar a bhí sa Seanad, ach gur chaill cúpla deargnamhaid de chuid Chlinton a suíocháin. Is dá bharr sin, is mar gheall ar an treorú mantach a rinne Gingrich le bliain anuas, díbríodh é.

Leanfar le táinseamh Clinton, ach gan Gingrich mar stiúrthóir. Sa Chomhthionól nua a thiocfaidh le chéile mí Eanáir, áfach, ní bheidh go leor vótaí ag na Poblachtánaigh le Clinton a chiontú. Ach beidh coimhlint idir dhá eite an pháirtí: na coimeádaigh sóisialacha a bhfuil uathu a sróin a shá isteach ins gach scoil, gach seomra codlata sa tír; agus na coimeádaigh eacnamaíochta nach n-aontaíonn lena leithéidí de pholasaithe ar chor ar bith. Beidh braon i mbéal na gaoithe arís.

 

 

* Is é Desmond Johnson an Stiúrthóir Deontaisí sa Bronx-Lebanon Hospital, Nua Eabhrac. Ba léachtóir le bithcheimic i nGaillimh é tráth.

Abhaile | Cé Muide | Eagrán Reatha | Nascanna