Clocha Beaga Scartha

 

Diarmuid.Johnson

 

 

 

 

 

Na Cúpla Focal

Diarmuid Johnson

TÁ AN IOMARCA foghlaimeoirí Gaeilge sa tír. 24,000 in aghaidh na bliana sna coláistí samhraidh. 24,000 sna Gaelscoileanna. 800 san ollscoil i gCorcaigh. 1041 i gConamara le hÁras Uí Chadhain (’98), ní áirím ranganna an Chonartha, 200 craobh ar fud na tíre. Ní cur le líon na bhfoghlaimeoirí is ceart a dhéanamh, ach baint de. Ní foghlaimeoirí atá ag teastáil.

Is maith le daoine a bheith ag foghlaim Ghaeilge. ‘Everyone who was anyone spoke Irish these days. . . She would scour the local papers, sign on at an evening class. It would give her something to do.’ (Keeping the Night Watch F. Johnston ‘98). Agus is maith le daoine a gcuid páistí a chur ar Ghaelscoil. "The Galescoil is very handy," arsa bean liom, "it’s on the way to work you know."

Tionscal bisiúil atá i dteagasc na Gaeilge. Fadó, bhíodh Gaeilge ag daoine ag fágáil na bunscoile dóibh. Sa lá atá inniu ann, tá céimithe ann nach bhfuil cáilithe don obair atá ar fáil. Is dóigh go raibh riamh, ach tá an scéal ag dul in olcas. Dar ndóigh, tá fadhbanna litearthachta i saol an Bhéarla, i saol na Faincise agus na Gearmáinise. Ach sin scéal eile. Sa gcineál oideachais a bhí an fabht, arsa an Cadhnach (An tSraith ar Lár: 185). Céard atá cearr lenár linn féin? Tá seo: meon na ndaoine.

Meon na bhfoghlaimeoirí ar an gcéad dul síos. Ní mian lena bhformhór an Ghaeilge a thabhairt leo. Is é an Béarla a dteanga. Thiocfadh scáth agus eagla orthu dá gceapfaidís go raibh an dara teanga an neadú go domhain ina gcroí is ina n-aigne. Aonteangachas Béarla is mian leo. Agus cúpla focal Gaeilge, ‘because we’re different...’

Meon na n-eagraisí teagaisc ar an dara dul síos. Ní hé múineadh na Gaeilge is príomhsprioc ná is príomhghnó dóibh, ach cur le líon na bhfoghlaimeoirí. Caitheann siad dúthracht leis an gcuid sin den ghnó, agus tá scil acu ann. Ach simplítear cúrsaí ar mhaithe le cur le líon na bhfoghlaimeoirí. Íslítear an caighdeán ar mhaithe le cur le líon na bhfoghlaimeoirí. Cuirtear uisce san anraith.

‘Dumbing down’ a deir an Béarla nua leis sin. Ceist: What’s two and two? Six. No, next: what’s two and two? Five. That’s better, that’s not bad. Daonlathas a thugtar air sin freisin. Oideachas do chách.

Tá daoine ar fud na tíre – agus ar fud an domhain – ar mian leo Gaeilge a fhoghlaim. D’fhoghlaimeoidís Gaeilge dá mbeadh orthu siúl cosnocht chuig na ranganna, troscadh go luí na gréine, agus luí ar leaba tairní. Ach is mionlach iad. Ní choinneoidh siad seo ola le meaisín na ranganna Gaeilge. Ná ní líonfaidh siad seomraí leapan na dtithe lóistín. Ná ní íosfaidh siad 24,000 fry agus salad deas gach lá. ‘Bums on seats’ a thugann lucht margaíochta ar mheon na n-eagraisí Gaeilge.

Laghdaímís líon na bhfoghlaimeoirí. ‘S cuirimís le líon na gcainteoirí. Déanaimís freastal ar an mionlach ar mian leo a gcuid féin a dhéanamh den Ghaeilge. Is é líon na gcainteoirí is tábhachtaí, agus bíodh an fheamainn ag na cúpla focal. Tá daoine a phós isteach sa nGaeltacht ag cur a gcraicinn díobh ag iarraidh teanga na gcliamhaineacha a mháistriú. Agus muna bhfuil i gceist ansin ach leithchéad duine, sin leithchéad teallach, os cionn céad páistí b’fhéidir, dóthain le trí scoil bheag a líonadh. Déanann brobh beart.

Abhaile | Cé Muide | Eagrán Reatha | Nascanna