slabhai

 

 

 

 

 

Nollaig Shona, a Sclábhaí

Uinsionn Mac Dubhghaill

AN MHÍ SEO caithfear suas le £60 milliún in Éirinn ar bhréagáin na Nollag. Sa bhreis air sin, caithfear na céadta milliún eile ar chluichí ríomhaireachta, éadaí galánta agus ar bhronntanais den uile chineál.

Beidh na siopadóirí sásta. Agus lucht díolta na bhfógraí in RTÉ. Gheobhaidh an craoltóir náisiúnta ‘seirbhís phoiblí’ os cionn £1 milliún as páistí na tíre – agus a dtuismitheoirí – a bhodhrú le fógraí mealltacha.

Cuid mhór de na hearraí a cheannóidh muintir na hÉireann le linn féile mhór an ábharachais, is earraí iad a bhfuil rian na fola is an allais orthu. Ach ní chloisfidh tú mórán faoi sin ar RTÉ, ar chúis éigin.

Beidh corralt anseo is ansiúd sna nuachtáin faoi ‘scannal na sclábhaithe óga’; faoin 250 milliún páiste – sea, 250 milliún – atá ag obair ar fud na cruinne faoin gcruatan agus faoin gcois ar bholg.

Ach caillfear na haltanna seo faoi ualach na leathanach siopadóireachta, faoi best buys na saineolaithe. Rogha gach bídh agus togha gach dí, sin é an mana, agus bíodh an fheamainn ag an gcuid eile.

Nach cuma! Faoin am a thiocfas mí Eanáir beidh dearmad déanta ar an méid airgid a cuireadh amú, agus beidh dearmad déanta ar chás na sclábhaithe óga chomh maith.

Mar i ndáiríre is bunsraith iad den eacnamaíocht dhomhanda, cé nach maith leis an World Bank an cineál sin cainte a chloisteáil. Dá gcuirfí stop leis an sclábhaíocht amárach, thitfeadh an tóin as an saol i gcuid mhór de na tíortha neamhfhorbartha.

Ní bheadh siad in ann a gcuid fiacha le bancanna saibhre an Iarthair a ghlanadh. Ansin bheadh géarchéim dhomhanda ann. Rachadh do mhorgáiste in airde.

Ná bí buartha. Beag an baol go ndéanfar mórán an Nollaig seo ná an Nollaig seo chugainn chun teacht i gcabhair ar dhaoine atá ró-óg le troid ar son a gcearta féin.

 

Abhaile | Cé Muide | Eagrán Reatha | Nascanna