An analysis of the figures in English

Mapaí

Ciarraí

Gaillimh

Mhaigh Eo

Dún na nGall

Port Láirge

 

 

 

 

 

It's official – Irish is disappearing fast from many of its former strongholds in the Gaeltacht. Donncha Ó hÉallaithe presents previously unpublished information in an analysis of the 1996 census returns

 

 

Uair na Cinniúna don Ghaeltacht

THART AR 21,000 duine fásta os cionn 19 bliain d’aois a labhrann Gaeilge gach lá sa Ghaeltacht. Anuas air sin, is Gaeilgeoirí laethúla thart ar 50,000 duine fásta eile taobh amuigh den Ghaeltacht.

Is le daoine fásta amháin a bhaineann an cuntas seo a leanas, agus na léarscáileanna agus na táblaí a ghabhann leis. Is figiúirí réadúla atá sa gcuntas, agus is ar fhigiúirí réadúla is ceart gach plé a dhéanamh maidir le todhchaí na Gaeltachta.

Má chuirtear gasúir scoile san áireamh, cuirtear an scéal as a riocht, agus bíonn áibhéal ann. Is minic go gcuirtear síos ar ghasúr scoile mar ‘chainteoir Gaeilge’, fiú amháin muna labhrann sé í ach sa rang scoile.

Bíonn bearna idir na céadchodáin do dhaoine fásta agus na cinn do ghasúir nuair a chuirtear san áireamh iad. Is mó an difríocht sna ceantracha is laige Gaeilge. Mar shampla, ar an gCeathrú Rua labhrann 89% den daonra faoi bhun 19 an Ghaeilge go laethúil, agus labhrann 88% de na daoine fásta í.

Ach i mBéal a’ Mhuirthid labhrann 32% den aoisghrúpa scoile í i gcomparáid le 7% den daonra fásta. Im thuairimse, bheadh anailís bunaithe ar an daonra iomlán lochtach mar go mbeadh an pictiúr sna ceantracha laga curtha as a riocht ag áireamh na ngasúr scoile.

Is botún mór a bheadh ann staid na teanga a mheas de réir na bhfigiúirí amháin, áfach. Cé nach labhrann ach 51% de phobal fásta Ráth Cairn an Ghaeilge go laethúil, mar shampla, is cosúil gurb í atá in uachtar in imeachtaí an phobail – sna scoileanna, san eaglais, san ionad pobail, sa chomharchumann, sa siopa.

Ar an taobh eile den scéal, deir 61% de na daoine fásta in Árainn Mhóir go labhrann siad Gaeilge gach lá. Ach is oileán é ina bhfuil an Béarla in uachtar sna searmanais eaglasta, sna siopaí, sna tithe tábhairne agus sa scoil iarbhunoideachais nua. Dá réir sin, níor cheart a rá go bhfuil an Ghaeilge níos láidre in Árainn Mhór ná i Ráth Cairn.

Go deimhin, cuid de na Gaeltachtaí beaga ina labhrann idir 40% agus 60% den phobal fásta Gaeilge go laethúil – Cúil Aodha, Ráth Cairn agus An Rinn – is áiteanna iad ina bhfuil an teanga réasúnta bríomhar go fóill.

Is de bharr síordhúthracht na gcinnirí pobail atá an teanga á coinneáil beo sna Gaeltachtaí sin, in ainneoin bhrú millteanach an Bhéarla ar gach taobh.

 

Na Breac-Ghaeltachtaí

NÍOR MHÓR scrúdú a dhéanamh ar na ceantracha idir 20% agus 40% féachaint cén stádas atá ag an nGaeilge sna hinstitiúidí pobail – na scoileanna, an eaglais, imeachtaí pobail – le breithiúnas tomhaiste a thabhairt orthu.

I measc na gceantracha sin, tá Na Forbacha i nGaillimh; Corrán Acla i Maigh Eo; Gleann Cholmcille agus Ros Goill i dTír Chonaill; agus an Daingean i gCorca Dhuibhne.

Is cinnte nach ceantair Fíor-Ghaeltachta iad. B’fhéidir go mba chóir go mbeadh rogha le déanamh ag na pobail sin – agus a rá go soiléir, má roghnaíonn siad stádas Gaeltachta, go mbeidh ar scoileanna an cheantair oideachas trí Ghaeilge a chur ar fáil – muna bhfuil sé ar fáil ann cheana.

 

Ceantair dhátheangacha

Ar na ceantair idir 40% agus 60% tá Corr na Móna i dtuaisceart na Gaillimhe; Angaire agus Teileann i dTír Chonaill; agus Fionn Trá i gCorca Dhuibhne. Gaeltachtaí dhátheangacha iad ina bhfuil líon suntasach Gaeilgeoirí laethúla, ach an Béarla in uachtar sa phobal, den chuid is mó.

 

Gaeltachtaí faoi bhrú

Sna ceantracha idir 60% agus 80% tá an dhá theanga á labhairt go coitianta. Seans gurb í an Ghaeilge atá in uachtar sna cinn is airde acu ach gur mó seans gurb é an Béarla atá in uachtar sna háiteanna atá gar don 60%. Seo ceantracha ar ghá cúram ar leith a dhéanamh díobh le cinntiú nach n-athróidh an teanga phobail iontu.

San áireamh anseo tá ceantar an Chnoic i nGaillimh, Árainn Mhór i dTír Chonaill, agus cuid d’iardheisceart Chorca Dhuibhne.

Níor mhór iniúchadh a dhéanamh orthu féachaint cén úsáid a mbaintear as an nGaeilge sna scoileanna, in imeachtaí pobail srl le fíorstaid na teanga a mheas. Níor chóir stádas Fíor-Ghaeltachta a bhronnadh ach ar na ceantair a bhfuil an chosúlacht air go bhfuil an Ghaeilge in uachtar iontu.

 

Gaeltachtaí láidre

Na ceantair a bhfuil os cionn 80% den daonra fásta ina nGaeilgeoirí laethúla, is féidir a rá gan amhras ar bith go bhfuil an Ghaeilge in uachtar iontu. Is iad seo a leanas na Gaeltachtaí is láidre atá fágtha: Conamara ó Indreabhán siar chomh fada le Carna; Bun Beag, Gaoth Dobhair, Gort an Choirce, Machaire an Chlochair agus Dún Lúiche i dTír Chonaill; Dún Chaoin agus Cuas-An Fheothanach i gCorca Dhuibhne.

 

Gá le pleanáil

Muna gcuirtear leagan amach nua ar an nGaeltacht, ní féidir aon phleanáil teanga a dhéanamh ná rialacha a leagan síos faoi na cleachtais teangan ba chóir a bheith ag forais stáit nó ag comhlachtaí príobháideacha sna ceantracha sin.

Ach má fhágtar faoi pholaiteoirí an t-athbhreithniú a dhéanamh, is beag dóchas go mbeidh na teorainneacha nua ag teacht leis an bhfírinne – go mórmór agus an rialtas faoi chomaoin ag Jackie Healy-Rae, Harry Blaney agus Tomás Mac Giolla Dé. Tá ceantracha móra Gaeltachta (mar atá sí) i ndáilcheantair an triúir TD seo. Bheadh cuid mhór de na ceantracha sin le gearradh amach dá ndéanfaí athbhreithniú macánta.

 

 

Camchuairt na Gaeltachta

Gaillimh: An scéal is suntasaí faoi Ghaeltacht na Gaillimhe ná go bhfuil an teanga á creimeadh siar ón Spidéal, beagnach chomh fada le ceannáras TnaG. Cé go bhfuil líon ard cainteoirí sa cheantar go fóill, tá an teanga faoi bhrú anois ann. Is minic daoine ag clamhsán faoin gcuid sin de chathair na Gaillimhe atá sa Ghaeltacht. Cé gur íseal an líon daoine a labhrann an Ghaeilge go laethúil – 481 as 6,000 duine fásta – tá an líon sin níos airde ná an Achréidh. Tá Bearna agus Maigh Chuilinn faoi bhun 20% chomh maith.

 

An Mhí: Is beag Gaeilge atá fanta i mBaile Gib. Is cúis iontais é nach bhfuil ach 51% den phobal fásta ag labhairt na Gaeilge go laethúil i Ráth Cairn.

 

Dún na nGall: Na ceantracha le cósta ó dheas de Anagaire síos go Ard Rátha, is ar éigean go bhfuil mórán níos mó Gaeilge á labhairt iontu ná mar atá in áit ar bith sa tír. Thart ar Ailt an Chorráin, as 1,000 duine fásta ní raibh ach 56 a dúirt go mbíonn Gaeilge á labhairt go laethúil acu. An scéal céanna sa Chlochán Liath agus i gCill Cartha, gan ach duine fásta as gach seachtar ag labhairt na teanga go laethúil. Tá creimeadh mór sa Ghaeltacht Láir. Ba dheacair aitheantas Fíor-Ghaeltachta a thabhairt d’aon chuid dí. San iardheisceart is é Teileann an t-aon cheantar le céadchodán os cionn 40%. Tá an toghcheantar ina bhfuil Gleanncholmcille sách íseal ag 33%, in ainneoin obair Oideas Gael.

 

Maigh Eo: I dtuaisceart Mhaigh Eo níl ach ceantar amháin, thart ar Cheathrú Thaidhg, ar féidir a áireamh mar cheantar Gaeltachta. I ndeisceart an chontae, taobh ó dheas de Thuar Mhic Éidigh, tá greim áirithe i gcónaí ag an nGaeilge thart ar Fhionnaithe. Tá a dhóthain Gaeilge fós in Eachléim le gur fiú seans a thabhairt don cheantar. Tá sé ar aon dul le Gaeltacht na Rinne. Ní labhrann ach duine fásta amháin as gach 14 an teanga go laethúil i mBéal an Mhuirthid. Tá rian na Gaeilge fós sa Chorrán ach tá Acaill go maith faoi bhun 20%.

 

Ciarraí: Seachas Baile an Sceilg (23%), tá gach toghcheantar in Uíbh Ráthach faoi bhun 20%. Ní labhrann ach 21% den daonra fásta sa Daingean an teanga go laethúil. Tá na ceantracha i gCorca Dhuibhne a cuireadh leis an nGaeltacht in aimsir Tom O’Donnell – an Clochán, Baile Dubh agus Cnoc Bréanainn – chomh lag céanna le hUíbh Ráthach.

 

Corcaí: Níl aon cheantar ar féidir Fíor-Ghaeltacht a thabhairt air i gCorcaigh. Tá ceantar amháin, Gort na Tiobraid, a bhfuil roinnt Gaeilge á labhairt ann ach is lagcheantracha iad an chuid eile. Tá Cill na Martra faoi bhun 20%.

 

Port Láirge: Cosúil le Corcaigh is Breac-Ghaeltacht í an Rinn, cé go bhfuil comharthaí ann go bhfuiltear á labhairt le páistí. Tá Gaeilge á labhairt ag 52% de na gasúir réamhscoile 3-4 bliana d’aois i gcomparáid le 33% de na daoine fásta. Is beag Gaeilge atá sna bailte fearainn breise a cuireadh leis an nGaeltacht i 1974.

Abhaile | Cé Muide | Eagrán Reatha | Nascanna