nkewoman  

 

 

 

Bhí Cathal Ó Cuaig ag guairdeall ar an idirlíon. Chonaic sé go leor . . .

Líonta Liombó

MAR GHEALL ar an méadú mór atá tagtha ar úsáid ríomhairí baile le blianta beaga anuas, tá méadú mór ag teacht ar úsáid an idirlíon.

Is ionann an t-idirlíon agus leabharlann mhór dhomhanda, agus eolas faoi chuile ní ann. Is doras isteach sa leabharlann atá i chuile ríomhaire. Is furasta duit do bhealach a dhéanamh isteach, ach go minic ní bhíonn sé chomh héasca do bhealach a dhéanamh amach.

Ní leabhra atá sa leabharlann seo ach homepages, suíomhanna baile. Le teacht ar an suíomh, níl ort ach an seoladh URL a scríobh isteach sa bhfoirm http://www. Sin nó tóraíocht i gceann ar bith de na heolairí, www.yahoo.com mar shampla.

Chuaigh mé ag guairdeall ar an idirlíon agus phioc mé amach roinnt suíomhanna greannmhara, neamhghnáthacha. Beidh tuilleadh agam díobh an mhí seo chugainn.

French Fries

 

Más maith leat French Fries, tá suíomh iontach agam duit. Is fiú cuairt a thabhairt ar an suíomh seo, mar tá stair iomlán an fhata agus an chip ann. Is beag a cheap mé féin go raibh stair an chip chomh suimiúil is atá!

B'iad na hIncas is túisce a bhain fataí i 750rc. Déantar

cur síos ar na turais anonn is anall a rinne an fata trasna an Atlantaigh. An chaoi a ndeachaigh sé go dtí an Eoraip don chéad uair i 1596, agus mar a thug Éireannaigh ar ais arís go Meiriceá é céad bliain ina dhiaidh sin. Na tréimhsí a chaith sé san Eoraip, agus an cháil a bhí air gur nimh a

bhí ann, agus ina dhiaidh sin arís an uair a síleadh é a bheith ina aphrodisiac!

Tá cur síos ann ar an gcaoi a ndíoltaí iad ar shráideanna na

Fraince i dtús an chéid, agus mar a thug na saighdiúirí

ar ais arís go Meiriceá iad aimsir an chéad chogadh domhanda.

Go dtí an lá atá inniu ann, itheann muintir Mheiriceá meachán sé mhilliún punt fries chuile bhliain.

Ná déantar dearmad gur chruthaigh an tUasal MacDonald 'ríomhaire na bhfataí' i 1957. Tá fuílleach eolais faoi ar an suíomh.

http://www.stim.com/Stim-x/9.2/fries/fries-09.2.htm

POSTCARDS

Suíomh an-spéisiúil ar tháinig mé air, ceann faoin bhfotheideal tacky postcards. Bailúchán cártaí poist

míshlachtmhara atá ann, agus iad ann ó chuile cheard den domhan. Tar éis duit iad a fheiceal, má cheapann tú go bhfuil a leithéid de chárta agat féin, tá áis ann lena chur chucu!

Tá an leathanach leagtha amach mar seo a leanas:

daoine cáilúla – ní mholann na pictiúir iad; drochfhógraíocht – ní bheadh fonn ort na hearraí a cheannacht; frith-thurasóireacht – bheadh drogall ort cuairt a thabhairt ar na tíortha atá i gceist.

Seo sampla de cheann de na cártaí frith-thurasóireachta: scuaine turasóirí ag bualadh bóthair amach ón mbaile, gan duine ná deoraí fágtha ann, ná an tacsaí áitiúil féin é! Tá neart eile den chineál seo le fáil ag an seoladh:

http://www.yackymail.com

 

ADBUSTERS

Suíomh é seo a bhfuil greann ag roinnt leis, ach a bhfuil téama níos dáiríre ann chomh maith. Is eagraíocht dheonach iad Adbusters a bhfuil sé mar aidhm acu ár gcultúr fógraíochta a athrú. Dar leo go mbíonn

na meáin ag iarraidh orainn tuilleadh agus tuilleadh a

cheannacht agus gan an domhan in ann aige. Ba mhaith leo cultúr nua a chrúthú a mbeadh tuiscint níos fearr aige ar an leas éiceolaíochta agus sóisialta, agus gan an tráchtáil mar bhun dó.

Kalle Lasn atá taobh thiar den eagraíocht seo a bunaíodh i 1989. Bíonn roinnt mhaith feachtaisí ar bun acu i rith na bliana, ina measc ‘Buy Nothing Day’ agus ‘TV Turnoff Week’. Tá an eagraíocht an-ghníomhach i gcúrsaí timpeallachta agus foilsíonn siad iris nach mbíonn aon fhógraíocht inti. Tá gar do 40,000 léitheoir acu i scór tír, agus is fiú eolas a chur ar a ndearcadh.

Ceann de na gnéithe is mó a spreag mo shuim inti ná na spoof ads a bhíonn á bhfoilsiú acu. Is fógraí bréige iad seo a dhéanann ceap magaidh de fhógraí na gcomhlachtaí móra, leithéidí Nike, Calvin Klein, Absolute Vodka, agus Tommy Hilfiger. Is breá le Adbusters an áibhéil iontu seo a léiriú.

http://www.adbusters.org

Abhaile | Cé Muide | Eagrán Reatha | Nascanna