Faitíos agus fuath ar an nGort Garbh

 

Uinsionn Mac Dubhghaill

UAIR NA CINNIÚNA don phobal beag náisiúnach a chónaíonn ar Bhóthar Gharbh Achaidh i bPort an Dúnáin. Ceantar lucht oibre ar dearnadh príosún as le linn léigear na bhFear Buí gach samhradh le cúig bliana anuas.

An é an scéal céanna a bheas ann i mbliana? Agus muid ag teannadh leis an 12 Iúil, an gcloisfear torann na ndrumaí móra sa ghort garbh, drumaí a mbuailtear gan stad gach tráthnóna go meánoíche nó ina dhiaidh? An gcloisfear fothram na heileacaptar míleata, iad ag eitilt de shíor os cionn na dtithe?

Le dúnmharú Rosemary Nelson, tá aird arís ar na hionsaithe seicteacha atá ag dul ar aghaidh i rith an ama sa cheantar. I dtuarascáil a d’fhoilsigh Comhghuallaíocht Áitritheoirí Bhóthar Gharbh Achaidh, deirtear gur eagraigh fir bhuí os cionn 140 agóid ann idir Iúil 1998 agus Eanáir 1999.

Lena linn sin, dódh cuid mhaith tithe agus gnóluchtaí náisiúnacha go talamh; rinneadh ionsuithe gránna ar na scórtha náisiúnaithe; agus maraíodh ceathrar.

Cúis náire é do na meáin chumarsáide a laghad tuairisceoireachta atá déanta ar na hionsuithe seo. Samhlaigh cé chomh mór is a bheadh sé ina scéal dá mbeadh tromaíocht leanúnach den chineál sin á himirt ar an bpobal gorm i mBrixton.

Faoi Chomhaontú Bhéal Feirste tá de dhualgas ar na páirtithe uile – rialtas na Breataine san áireamh – féachaint chuige go mbeidh saol "saor ó thromaíocht sheicteach" ag chuile dhuine. Cén uair a chomhlíonfar an gealltanas sin?

 

Abhaile | Cé Muide | Eagrán Reatha | Nascanna