.Litir as Meiriceá

Des Johnson

‘Neamhchogadh’ san Iaráic

FAD IS NACH Meiriceánaigh atá á marú, is beag aird a bheas ag an bpobal anseo ar an scliúchas ná ar an gcoimhlint san Iaráic, i mBosnia, i nGranada nó i Somalia, ná ar na mairbh a bhfuil a ndúchas sna tíortha sin.

Agus is áil le ceannairí míleata is polaitiúla na tíre an pobal a bheith dírithe ar Michael Jordan, an Super Bowl, táinseamh Chlinton, nó pé ní eile atá ina scéal mór ó lá go lá. Ní hamhlaidh do bhí le linn Desert Storm.

B’áil le ceannairí na linne sin an-tsuim a bheith sa gcogadh. Mar is éard do bhí uathu, seachas Saddam a chaitheamh as Kuwait, ná teaspántas a thabhairt. Chuir siad a n-arm nua is a ngiúirléidí breátha faoinár mbráid. Na hairm atá ag Meiriceá feasta, ní hiad a bhí acu aimsir Vítneam. Is na ceannairí a bhí ann aimsir Vítneam, ní hiad a bhí ann aimsir Desert Storm ach chomh beag.

Foghlaimíodh ceachtanna ar leith i Vítneam, agus tá rian na gceachtanna san soiléir sa neamhchogadh os cionn na hIaráice. Chaill Meiriceá go tubaisteach i Vítneam. Maraíodh is gortaíodh na sluaite. Tá go leor iarshaighdiúirí ón ré úd fós sna hospidéil anseo nó i mboscaí cairtchláir faoi na droichid. Siltear deora go flúirseach go fóill ag balla cuimhneacháin Vítneam i Washington.

Ceathrar uachtarán Meiriceánacha a bhí sáite sa chogadh san. Nuair a d’fhág na Francaigh Vítneam i 1956, roinneadh an tír idir Vítneam Thuaidh is Vítneam Theas, ach socraíodh go dtionólfaí toghchán le staid na tíre ar fad a shocrú.

Thuig an tUachtarán Eisenhower gur claonadh comhchummanach a bheadh ar an vótáil, is thug sé cabhair d’uachtarán Vítneam Theas leis an dtoghchán a chur ar ceal.

In a dhiaidh san, bhí Kennedy ródhírithe ar na diúracáin Rúiseacha i gCúba le Vítneam a thuiscint. I dtús a ré, bhí Johnson ródhírithe ar chúrsaí inmheánacha Mheiriceá le greim cheart a fháil ar an scéal freisin. Is iad ceannairí Vítneam a bhí i mbun an chogaidh, dar le JFK is LBJ. Agus Meiriceá ag cabhrú leo tré MACV (Military Assistance Command, Vítneam). Arís is arís eile cuireadh leis an gcabhair san, go dtí go raibh os cionn 500,000 saighdiúirí ag MACV.

Ach má bhí, ba bheag dul chun cinn a rinneadh in aghaidh an Viet Cong nó in aghaidh arm Vítneam Thuaidh a bhí taobh thiar díobh. Bhí ceannairí Vítneam Theas truaillithe go smior, is ní mórán spride a bhí ina gcuid saighdiúirí féin. Diaidh ar ndiaidh, is na cónraí ag teacht abhaile, chuir pobal Mheiriceá in aghaidh an chogaidh. Is de bharr oiread san easaontais sa bhaile, maraon le míthreorú an chogaidh, bhí sprid arm Mheiriceá ar lagtrá.

Faoi dheireadh na 60í, bhí a lán des na saighdiúirí tugtha do dhrugaí agus don spórt ar ar thug siad "fragging." B’é sin greanáidí "fragmentation" a chaitheamh leis na hoifigigh lena ngortú nó a marú.

Ag druidim le toghchán ’68, gheall Nixon go dtabharfadh sé faoi "Vítneamú" an chogaidh is go seolfadh sé fórsaí Mheiriceá abhaile. Agus an toghchán buaite aige, thosaigh sé ag druidim siar, ach go rómhall. Thuig na meáin an tubaist ó thús nach mór. "Our worst enemy seems to be the press," arsa Nixon uair.

Tar éis an chogaidh, tugadh faoi atheagrú an airm. Beartaíodh nach mbeifí ag brath ar an gcoinscríobh níos mó. Beartaíodh nach mbeadh san arm ach óglaigh, daoine a bhí tugtha don arm agus do smacht an airm. Beartaíodh freisin dul níos mó i muinín na teicneolaíochta leis an slad a tharla do shaighdiúirí Mheiriceá i Vítneam a sheachaint arís. Agus ba shoiléir do lucht an airm gur ghá smacht a chur ar na meáin le linn cogaidh.

Cogadh beag a bhí in ionradh Grenada (1983), ach cleachtadh mór a bhí ann don gcóras míleata nua. Mar shampla, chas long den gcabhlach Meiriceánach ar dhream nuachtóirí is iad faoi sheol go Grenada. Tugadh an t-órdú dóibh scun scan: "Imígí, nó cuirfear go tóin sibh."

Chas siad. Agus níor facthas as Granada ach an méid ba mhian leis an arm. An rud céanna i bPanama le linn na n-ionsuithe i 1989. Níor tugadh cead a gcinn do na nuachtóirí Meiriceánacha, cuireadh príosún ar roinnt eagarthóirí de chuid Phanama, is scriosadh a ngléasanna foilseacháin is craolacháin. Pé cúis a bhí leis an ionradh san i ndáiríre, togha

cleachta a bhí ann don arm. Bhíodar lánullamh do Desert Storm i 1991.

Sa chogadh san, léiríodh ceachtanna Vítneam go foirfe: teicneolaíocht is smacht. Agus is iomaí bréag a d’inis an t-arm faoin dtroid, agus faoin diúracán Patriot, mar shampla. Ach bhí an pobal sásta.

Ansan, díreach roimh dheireadh a ré, chuir Bush na saighdiúirí isteach go Somalia. Ba chosúil an lá sin gur deineadh dearmad ar cheachtanna Vítneam. Níor maraíodh ach beagán Meiriceánach, ach facthas a gcuid corp dá dtarrac tríd na sráideanna. Agus arís dob éigin do Mheiriceá cúlú. I gcomparáid le Vítneam nó Somalia, mar sin, is beag a tharla san Iaráic go fóill leis an bpobal anseo a mhúscailt. Fad is nach dtarlaíonn, fad is nach bhfuil na meáin ag baint adhmaid as an scéal, is beag aird a bheas ag pobal Meiriceá ar an Iaráic, agus leanfar den neamhchogadh os íseal.

 WHY IS THE US STILL BOMBING IRAQ

Abhaile | Cé Muide | Eagrán Reatha | Nascanna