Is é an tAcht Oideachais an píosa reachtaíochta is tábhachtaí ó thaobh na Gaeilge de le scór blianta, a deir Seosamh Mac Donncha ó Chomhdháil Naisiúnta na Gaeilge. Tá impleachtaí ann do mhúineadh na Gaeilge, don ghaelscolaíocht agus don Ghaeltacht.

 

Reachtaíocht raidiceach rite

 

AR NA haltanna is tábhachtaí san Acht Oideachais, ó thaobh mhúineadh na Gaeilge de, tá alt 6(h) agus alt 9(f). In alt 6(h) tá foráil a deireann go bhfuil sé de dhualgas ar gach duine a bhfuil baint acu le feidhmiú an Achta tacú leis an bpolasaí náisiúnta i leith an dátheangachais agus go háirithe 'cur le húsáid na Gaeilge sa scoil agus i measc an phobail'.

Leagann alt 9(f) dualgas ar gach scoil aitheanta an Ghaeilge agus litríocht na Gaeilge a fhorbairt agus a chur chun cinn. In altanna eile tá sé ráite go sonrach go bhfuil dualgas ar an gcigireacht agus ar an gComhairle Náisiúnta Measúnachta agus Curaclam comhairle a chur ar an Aire Oideachais maidir le múineadh na Gaeilge.

Déanann an tAcht athdhearbhú ar thábhacht mhúineadh na Gaeilge sa chóras oideachais agus cuireann sé bonn láidir reachtúil faoi. Is gá tógáil ar seo anois agus a chinntiú go bhfuil na riachtanais a bhaineann le múineadh na Gaeilge curtha san áireamh i réimsí ar nós oiliúint agus cáilíochtaí múinteoirí, cúrsaí inseirbhíse, an córas measúnaithe, pleanáil don Ghaeilge ag leibhéal na scoile, úsáid na Gaeilge sa scoil, ról agus scileanna na gcigirí agus cúrsaí taighde.

Caithfear a chinntiú freisin go mbeidh córas ann chun monatóireacht leanúnach a dhéanamh ar mhaithe le modhanna múinte a choinneáil éifeachtach agus suas chun dáta. Má tharlaíonn an méid sin is cinnte go dtabharfaidh sé ugach agus misneach do mhúinteoirí Gaeilge ar fud na tíre.

 

 

An Ghaeltacht

CEANN de na rudaí is suntasaí faoin Acht ná go dtugann sé aitheantas reachtúil, don chéad uair ariamh, do scoileanna Gaeltachta mar scoileanna ar a bhfuil cúraimí ar leith teanga agus a bhfuil riachtanais ar leith acu maidir le hábhar teagaisc, curaclam, seirbhísí tacaíochta agus taighde.

De thoradh na bhforálacha atá in alt 6 (i) agus alt 9(h) den Acht tá sé mar dhualgas anois ar scoileanna na Gaeltachta tacú le caomhnú na Gaeilge mar phríomhtheanga an phobail sa Ghaeltacht.

Is deis agus dúshlán é an t-aitheantas seo do scoileanna, do mhúinteoirí agus do thuismitheoirí na Gaeltachta. Is deis é sa méid agus go ndearbhaíonn sé don chéad uair riamh go bhfuil an cúram atá orthu i leith na Gaeilge níos leithne ná múineadh na Gaeilge amháin.

Is dúshlán é i bhfianaise nach bhfuil próiséas pleanála teanga forbartha roimhe seo ag na heagraíochtaí eile a bhfuil cúram reachtúil orthu i leith na Gaeltachta. Fágann sé seo go mbeidh ar na scoileanna níos mó ná a gcuid féin den ualach a iompar.

Is dúshlán é freisin, ar ndóigh, de bharr nár cuireadh na hacmhainní ar fáil go dtí seo do scoileanna sa Ghaeltacht chun tabhairt faoin obair buanaithe agus sealbhaithe teanga a chaithfear a dhéanamh má tá siad chun 'tacú le caomhnú na Gaeilge mar phríomhtheanga an phobail'. Ach is féidir an t-easnamh seo a leigheas trí alt 31 den Acht.

 

Alt 31

IS SAN alt seo atá an fhoráil a deireann go mbunóidh an tAire Oideachais eagraíocht chun freastal ar riachtanais scoileanna Gaeltachta agus lánGhaeilge agus chun comhairle a chur ar fáil don Aire maidir le múineadh na Gaeilge.

Maidir le gaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta beidh cúram ar an eagraíocht nua seo: (i) an soláthar téacsleabhar agus áiseanna teagaisc a phleanáil agus a chomhordú; (ii) comhairle a chur ar an Aire Oideachais maidir le polasaithe i dtaca leis an soláthar d'oideachas trí mheán na Gaeilge sa Ghaeltacht agus lasmuigh de; (iii) seirbhísí tacaíochta a sholáthar trí mheán na Gaeilge; agus (iv) taighde a dhéanamh.

Is mór an méid atá bainte amach i mír 31 den Acht Oideachais. Den chéad uair riamh tá lámh á tabhairt do thuismitheoirí agus do mhúinteoirí na Gaeltachta agus na nGaelscoileanna ina gcinniúint féin ó thaobh cúrsaí oideachais de.

Den chéad uair tá eagraíocht oideachais le bunú a bhfuil sé mar phríomhchúram uirthi freastal ar riachtanais oideachais na Gaeltachta agus na scoileanna lánGhaeilge.

Beifear ag brath ar an struchtúr seo chun na fadhbanna bunúsacha atá ag na scoileanna seo a réiteach taobh istigh d'achar gearr blianta. Fadhbanna a bhaineann le hábhar teagaisc, siollabais, oiliúint mhúinteoirí, seirbhísí síceolaíochta agus sláinte, an éagsúlacht i gcumas teanga na bpáistí, todhchaí scoileanna beaga na Gaeltachta agus mar sin de.

Cuirfidh réiteach na bhfadhbanna seo go mór leis an tairbhe atá á bhaint ag na daltaí agus na tuismitheoirí atá i gceist as an gcóras oideachais.

 

Rannpháirtíocht

AN RUD is tábhachtaí faoi Alt 31 ná go bhfuil struchtúr le bunú a chinnteoidh go mbeidh deis ag tuismitheoirí agus múinteoirí a bheith rannpháirteach sna socruithe a bheidh á ndéanamh do thodhchaí an chórais oideachais Gaeltachta agus lánGhaeilge.

Is dúshlán ann féin é seo ar ndóigh. Caithfidh muid feasta muinín agus misneach a bheith againn asainn féin mar mhúinteoirí, mar thuismitheoirí agus mar oideachasóirí. Caithfidh muid glacadh leis go bhfuil an dualgas orainn féin ár gcuid fadhbanna a réiteach agus a chreidiúint go bhfuil sé de chumas ionainn sin a dhéanamh ach na hacmhainní a bheith curtha ar fáil dúinn.

Caithfidh muid a bheith sásta breathnú ar an obair atá ar siúl againn agus an cheist a chur orainn féin céard atá i gceist againn leis an rud a dtugann muid 'oideachas Gaeltachta' agus 'lánGhaeilge' air.

Cén cineál oideachais, curaclaim, siollabais srl. is fearr a oireann don Ghaeltacht agus do dhaoine óga na Gaeltachta? An bhfuil an cur chuige atá againn sna scoileanna lánGhaeilge oiriúnach do straitéis teanga a bhfuil sé mar aidhm aige pobal labhartha Gaeilge a bhuanú taobh amuigh den Ghaeltacht?

Teastóidh misneach leis an cheist sin a chur agus a bheith sásta córas agus coincheap oideachais a fhorbairt atá difriúil ó chóras oideachais na tíre. Beidh orainn breathnú ar na hathruithe is gá dúinn a dhéanamh lena chinntiú go mbeidh an cumas, an tuiscint agus an misneach i nglúnta óga an lae inniu agus an lae amárach, sa Ghaeltacht agus lasmuigh di, tús áite a thabhairt don Ghaeilge ar leic an teallaigh, i gclós na scoile agus ina saol poiblí, oibre agus sóisialta.

Caithfidh muid a chruthú do ghlúin óg na Gaeltachta nach i mBaile Átha Cliath, i Londain ná i mBoston atá a dtodhchaí – gur i gConamara, i dTír Chonaill agus i gCorca Dhuibhne atá sé – agus go bhfuil an Ghaeilge, mar acmhainn shóisialta, chultúrtha agus eacnamaíochta, lárnach don todhchaí sin.

Caithfidh muid a chinntiú go bhfuil an córas oideachais atá againn in inmhe don dúshlán mór oideachais, tionsclaíochta, sochtheangeolaíochta agus sóisialta atá i gceist.

 

Fís de dhíth

ARDAÍONN an tAcht Oideachais na ceisteanna seo agus cuireann sé deis ar fáil dúinn chun tabhairt fúthu. Beidh gá le breis acmhainní ar ndóigh ach beidh gá le fís nua freisin, fís a chreideann gur féidir an t-oideachas is fearr sa tír a sholáthar i scoileanna na Gaeltachta agus sna scoileanna lánGhaeilge agus go mbeidh na scoileanna seo ina gceannródaithe oideachais agus ina n-eiseamláir do scoileanna eile na tíre amach anseo. Sin é an dúshlán atá romhainn agus sin í an fhís a chaithfeas a bheith againn.

 

Bainisteoir Comhorduithe Polasaí le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge is ea an t-údar.

Abhaile | Cé Muide | Eagrán Reatha | Nascanna