SIAR'S ANIAR SA STAIR

Pádraic Ó Flaithearta

 

‘Leagfar mo chorp ar an mbord darach sa seomra donn’

BA AS SOMERSET Shasana do John Langley ó dhúchas, agus nuair a scríobh sé a uacht ar an 3ú Márta 1794, léirigh sé go maith an urraim a bhí aige do na Gaeil. Seo í an uacht:

"Fágaim mo theach agus gach a bhfuil ann agus m’fheilm, Blackettle, a bhfuil 253 acra ann, ag mo mhac, Stubborn Jack, mar a thugtar air go háitiúil, agus ag a chuid oidhrí go deo ach a bpósfaidh sé Protastúnach, cés móite d’Alice Kendrick, bean a thug Oliver’s whelp orm.

"Fágaim mo bhríste craiceann fia agus mo stopallán airgid tabaic – silver tobacco stopper – a bhfuil J.L. greannta air, ag mo chara Richard Richards, fear a thug cúnamh dom le linn ruathar Chluain Meala nuair a lámhachadh sa chois mé.

"Coinneoidh mo mhac John mo chorp os cionn cláir ar feadh sé lá agus sé oíche tar éis mo bháis, agus cuirfidh Grace Kendrick os cionn cláir mé, agus gheobhaidh sí scilling as ucht é seo a dhéanamh.

"Leagfar mo chorp ar an mbord darach sa seomra donn, agus beidh cuireadh ag caoga fear Éireannach chuig mo thórramh agus beidh dhá chart fuisce do gach duine acu, agus leagfar scian os comhair gach duine acu, agus nuair a bheidh an t-ól déanta, cuirigí tairní i mo chónra agus cuirigí sa bhfód dúchais mé."

Nuair a fiafraíodh dó cén fáth a mbeadh sé chomh flaithiúil leis na hÉireannaigh, dream nach raibh gean aige dóibh riamh, is éard a dúirt sé:

"Beidh siad ar meisce ar mo thórramh, agus maróidh siad a chéile, agus dá ndéanfadh an uile dhuine mar atá déanta agamsa i m’uacht, gheobhadh muid réidh leo ar fad ar deireadh!"

Abhaile | Cé Muide | Eagrán Reatha | Nascanna