Faitíos agus fuath ar an nGort Garbh

AISTE PICTIÚIRÍ

picture essay

Faitíos agus fuath ar an nGort Garbh

Uair na cinniúna don phobal beag náisiúnach a chónaíonn ar Bhóthar Gharbh Achaidh i bPort an Dúnáin. Ceantar lucht oibre ar dearnadh príosún as le linn léigear na bhFear Buí gach samhradh le ceithre bliana anuas.

An scéal céanna i mbliana. Idir torann na ndrumaí móra, a mbuailtear gan stad gach tráthnóna go meánoíche nó ina dhiaidh, agus fothram na heileacaptar míleata a eitlíonn de shíor os cionn na dtithe, is deacair aon phioc de chodladh na hoíche a fháil.

Gan trácht ar an bhfaitíos leanúnach ag preabadh sna cuislí, an smaoineamh míchompórdach go ngéillfidh an RUC agus rialtas na Breataine, uair amháin eile, don chos ar bolg ‘traidisiúnta’.

I rith an lae bíonn an scéal chomh dona is a bhíonn san oíche. Mná ag dul ag obair a chuireann na saighdiúirí bac orthu imeacht ón gceantar. Gasúir óga ar a mbealach chuig campa saoire sna Stáit Aontaithe blocáilte ag an ionad seiceála agus curtha abhaile arís.

Siopadóirí en attendant Godot – an lorraí nach dtagann a choíche le lasta bia agus earraí. Agus maidir le lár an bhaile féin, ní fiú bheith ag cuimhneamh air. Bheadh fear gorm chomh sábháilte céanna ag cruinniú den Ku Klux Klan.

Agus fiú dá bhféadfá dul ann, ná bac le glaoch a chur ar fhear an tacsaí. Níl an misneach aige dúshlán na mbiogóidí a thabhairt agus tiomáint go dtí an gort garbh na laethanta seo.

 

Abhaile | Cé Muide | Eagrán Samplach | Nascanna.