MONICA mCwILLIAMS

Briseadh na múnlaí ó thuaidh

breaking the northern mould

Deirdre Ní Ghrianna

 

Ní as an raideachas atá cliú ar Bheannchor ach is ann atá cónaí ar Jane Morrice, a toghadh do Thionól Thuaisceart Éireann mar theachta de chuid Chomhcheangal na mBan. Athrú bunúsach sa pholaitíocht thuaidh ab ea toghadh Morrice agus a leathbhádóir, Monica McWilliams.

Go dtí seo, ní raibh i bpolaitíocht an Tuaiscirt ach linn uisce mhairbh, lán le fir sheasmhacha, prionsabálta, diúltacha. Ní raibh áit ag mná ach ar lámha a gcuid fear – iad cóirithe go fóirsteanach agus aoibh orthu – lá an toghcháin.

Tuairisceoir leis an BBC ab ea Morrice tráth ("Tá mé cleachtaithe le bheith ag siúl ar an líne bhán"), agus iarcheannasaí oifig Choimisiún na hEorpa i mBéal Feirste. Iarchéimí de chuid Ollscoil Chúil Raithne i staidéir iarthar na hEorpa, phill sí ar an Tuaisceart i ndiaidh seal a chaitheamh sa Bhruiséal ag obair mar iriseoir agus ansin leis an EC.

Tá sí pósta, agus tá a mac seacht mbliana d’aois. D’éirigh léi sa toghchán i ndáilcheantar Thuaisceart an Dúin. "Scríobadh isteach mé sa dara cuntas déag," a deir sí.

Ag cur síos uirthi féin, deir sí gur bhain sí ceann sprice amach nuair a d’éirigh léi áit a fháil sa Tionól. "Is máthair mé go príomha a raibh suim ariamh sa pholaitíocht aici," a deir sí.

Féadann daoine soiniciúla dearcadh ar an pháirtí úr mar ghluaiseacht bhréag-fheimineach de léitheoirí leathanach na mban ar an Guardian. Ach is rud nua é i ndáiríre sa Tuaisceart, áit nach mná iad ach 13 faoin gcéad de na comhairleoirí áitiúla. Tháinig Comhcheangal na mBan – nó Comhcheangal na mBan Uasal mar a bhaist daoine áirithe air – as grúpaí ban d’achan chreideamh, d’achan aoisghrúpa agus d’achan aicme.

"D’fhás an páirtí," arsa Jane, "chan ón fheimineachas ach ón chomhionannas, ó mhná a bhí ag obair leo go ciúin ar son an athmhuintearais. Siad na saighdiúirí single seo ár neart. Ní dhéanfaidh na hacadúiligh ná na hintleachtóirí ná na daoine gairmiúla inár measc dearmad de choíche gur ag foghlaim uathu seo atá muid – mná a d’oibrigh agus a d’fhulaing sa dóigh is nach ndéanfaí Bosnia eile den Tuaisceart."

I gcomórtas leis an Deisceart, áit a mbíonn mná sa rialtas agus ar bhain siad an uachtarántacht amach, níor toghadh ach triúr ban ariamh mar MP sa Tuaisceart, Patricia McLaughlin agus Bernadette (Devlin) McAliskey ina measc. Ba iad an easpa ionadaíochta seo agus an ‘dearcadh diúltach’ a bhí ag na páirtithe seanbhunaithe mná a chur chun tosaigh – agus guth a thabhairt dóibh i gcainteanna an Fhóraim – ba chúis le bunú an chomhcheangail.

Tá bua mór amháin ag Jane ar a laghad. "Thiocfadh leat teagmhálaí proifisiúnta a thabhairt orm. Is tábhachtach liom daoine; is mian liom éisteacht leo agus labhairt le daoine a bhfuil barúlacha éagsúla polaitíochta acu.

"Goineadh agus brúadh agus d’íobraíodh mothúcháin na ndaoine. Caithfear meon na muintire eile a fhoghlaim agus a thuigbheáil agus meas a bheith agat orthu. Sin bundualgas atá ar achan duine agus má tá mothúcháin daoine tuigthe agat, tá tú píosa fada ar an bhealach chun réitithe leo."

Maidir leis an mbua stairiúil a bhí ag na mná sa toghchán, deir sí: "Tá líne scríofa i leabhar staire a bhainfidh duine éigin anuas den tseilf i gcionn caoga bliain nó níos mó. Anois caithfimid paragraif agus caibidlí a scríobh."

Idir an dá linn, áfach, beidh sí agus a comhghleacaí ag díriú ar "cheisteanna aráin agus ime" sa Tionól.

An lá i ndiaidh an toghcháin, chuaigh sí go dtí an t-ionad comhairimh lena fear céile. D’fhiafraigh mé di caidé ar mhaith léi mar dhlaíóg mhullaigh ar achan rud. Go tochtach a d’fhreagair sí.

"Go mbeadh ár gcuid páistí ábalta fanacht anseo, go mbeadh siad sábháilte, go mbeadh siad ag iarraidh fanacht agus bród orthu as an áit. Má bhím i mo sheasamh san aerphort i gcionn deich mbliana ag fágáil slán le mo mhac, ar a laghad beidh mé ábalta amharc isteach sa dá shúil air agus a rá go dearn mé iarracht."

Abhaile | Cé Muide | Eagrán Samplach | Nascanna