taimse ar viagra

viva viagra
Más ainmhí allta thú atá i mbaol, tá faoiseamh ar fáil – viagra, an druga nua gnéis atá i mbéal na bhfear ar fud an domhain mhóir. Tá tóir aisteach ar an druga seo, a chuir splanc nua sa tslat ag na mílte fear ó tháinig sé ar an margadh sna Stáit Aontaithe san Earrach.

Anois tá lucht caomhnaithe ainmhithe ar nós srónbheannach dubh na hAfraice, an panda, agus oryx adharcach Sahara, ag súil go n-éireoidh leis an druga brí nua a thabhairt dóibh. Adharc a chur san adharcach in athuair, más mian leat.

Ceann de na fadhbanna is mó a bhíonn acu, agus iad ag iarraidh na n-ainmhithe a spreagadh chun gnímh, ná an easpa suime a léiríonn siad i gcúrsaí gnéis nuair a chuirtear isteach sa zú iad. Gan fiacail a chur ann, ní maith leo é a dhéanamh ar stáitse, agus cé a thógfadh orthu é?

Ainneoin gach iarracht go dtí seo – coinnle, fíon dearg, Mozart – is minic nach gcaitheann siad ach súil fhánach ar a gcéilí leapan. Ach cuireann viagra an fhuil ag rásaíocht sna cuislí, agus tá an lucht taighde ag súil go laghdóigh sé náire na bpríosúnach.

Deir urlabhraí thar ceann Pfizer, a dhéanann viagra, nach bhfuil na tástálacha sláinte a theastaíonn curtha i gcrích go fóill. Mar sin féin, a deir sí, tá cead ag lucht na zúnna an fhreagracht phearsanta a ghlacadh orthu féin an druga a dháileadh – díreach ar an gcaoi chéanna is atá an druga á thabhairt amach do na fir sna Stáit.

Cé go bhfuil a chontúirt féin ag baint leis seo, measann saineolaithe áirithe go bhfuil an druga níos fearr agus níos sábháilte ná an rud a chleachtaítear faoi láthair. Mar shampla, le síol a bhailiú ó ainmhithe ar nós an tsrónbheannaigh, tugtar ‘spreagadh’ leictreach sna magairlí dóibh. Ní i gcónaí an oibríonn sé seo, agus chuile sheans go mbíonn sé an-phianmhar don rhino bocht.

Pé scéal é, tá scéal viagra á scaipeadh go scioptha ar fud an domhain. Sa chéad trí mhí ó cuireadh an druga ar an margadh sna Stáit, tugadh amach thart ar dhá mhilliún oideas. Meastar go gceadófar é ar an margadh Éireannach roimh dheireadh na bliana.

Idir an dá linn, muna dteastaíonn uait fanacht le triail a bhaint as, tá cogaslann Meiriceánach ag tairiscint ‘saoire viagra’ dá chustaiméirí. Turas fillte go baile beag i Missisouri atá i gceist, le scrúdú leighis, oideas do viagra, óstán agus leaba dúbailte. Mar chuid den socrú, tabharfar ticéidí chuig ceolchoirm de chuid na deartháireacha Osmond dóibh siúd nach n-éiríonn le viagra

 

Abhaile | Cé Muide | Eagrán Samplach | Nascanna.