GAEILGE AGUS CULTÚR

FáilteTosach | Imeachtaí | Láthair | Cúrsaí | Lóistín | Aistriúchán

Sa Phortán in Dún Chaoin atá Feileastram Teo. Tá cúrsaí cónaithe Gaeilge againn, ar gach leibhéal,  do dhaoine fásta. Abair linn cé acu saghas cúrsa atá uaitse. Ní dheinimid cúrsaí don aos scoile. Níl a bhac ar dhaoine fásta páiste a bheith leo agus iad ag fanacht anseo.

Bheadh áthas orainn cúrsaí ar leith a chur ar siúl do ghrúpaí eagraithe. Má tá fonn ortsa grúpa a thabhairt le chéile le cúrsa a dhéanamh déan teagmháil linn. Buail an cnaipe thíos agus cuir r-phost chugainn anois díreach. Is féidir cúrsaí a chur ar siúl tráth ar bith i gcaitheamh na bliana. Is féidir tráthchlár an chúrsa a shocrú in oiriúint don ngrúpa.


Is breá linn i gcónaí oibriú le tuismitheoirí a chuireann a bpáistí ar Ghaelscoileanna, le clubanna, cumainn agus coistí  gur spéis leo feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge féin nó gur suim leo cur chun cinn na teanga ar shlí ar bith eile.

FáilteTosach | Imeachtaí | Láthair | Cúrsaí | Lóistín | Aistriúchán

donn@eircom.net