| [Siar / Back] | ||
Dialann BeachaireachtaDé hAoine, 5 Iúil, 2002An áit is fearr le coirceog beach a choinneáil. le Breandán de Róiste Cuirtear an cheist orm go han-mhinic arbh fhéidir coirceog beach a choinneáil anseo nó ansiúd. Tar éis dom na blianta fada a chaitheamh i mbun na ceirde seo tá tuairimí cinnte i m'aigne agam anois i dtaobh an scéil. D'fheicfeá sna leabhra fadó go bhféadfá coirceog a choinneáil i ngáirdín cúil tí nó ar bhalcóin árasáin sa bhaile mór nó sa chathair. Go fiú's go n-insítear an sean-deilín i dtaobh coirceoga beach a bheith á gcoinneáil ar dhíon theach an Opera i bPáras tráth. Seans maith go mbeadh díon léibhéalta foirgnimh an-oiriúnach le coirceog beach a choinneáil ach an mbeadh sé sábháilte duitse, a bheachaire, dá mbeadh ort rith uathu faoi dheifir agus iad i bhfeirg leat? Is iad seo a leanas cuid de na cúinsí ar chóir duit a chur san áireamh agus coirceog beach á leagan síos agat in áit ar bith. 1. An mbeidh siad sa bhealach ar dhaoine? Má chuireann tú coirceog sa gháirdín cúil is ar éigean a bheidh páistí ná daoine fásta in ann dul ina ngaobhar gan dul i gcontúirt a gcealgtha. Má fhaigheann páiste nó comharsa cealg uathu beidh aiféala ortsa. B'fhearr iad a chur i bhfad ó dhaoine -- amuigh ar thalamh feirmeorachta ab fhearr ach gan bheith in aice le capaill -- agus go mbeadh claí nó tomacha thart orthu sa chaoi is go mbeadh orthu éirí go hard san aer agus iad ag imeacht leo ag tóraíocht meala. Is geall le haerfort é an spás os comhair coirceog beach agus b'fhearr nach mbeadh deis ag aon duine seasamh os comhair na coirceoige agus na beacha ag teacht is ag imeacht. Ní hé go n-ionsódh na beacha thú d'aonghnó ach go rachaidís i bhfastó ionat de thaisme agus chuirfeadh sé sin fearg orthu. Rud eile, beidh amanta ann sa bhliain nuair a bheidh na beacha ag eitilt ina mílte thart timpeall ar an gcoirceog -- le linn duitse a bheith á scrúdú mar shampla, nó le linn dóibh sáithe a chaitheamh, nó le linn robála, mo léan, má bhíonn sé riamh de mhí-ádh ort a leithéid de thubaist a tharraingt ort féin is ar do chuid beach. Is fearr beacha a choinneáil amuigh faoin tuath ná istigh i gcomharsanacht ina mbeadh daoine ina gcónaí. 2. An mbeidh siad le feiceáil ag gadaithe? Creid nó ná creid é ach is luachmhar an t-earra é coirceog beach agus tá aithne agam ar bheachaire ar goideadh dhá cheann déag de choirceoga uaidh agus iad amuigh ar an bhfraoch aige áit éigin i Sléibhte Bhaile Átha Cliath. Bíodh do chuid beacha i bhfolach go maith agat ón ngnáth-phobal agus bíodh geata faoi ghlas agat idir iad agus lucht a gcreachta. 3. An mbeidh tú féin in ann dul isteach in aice leo le feithicil chun freastal orthu? Is minic go ndéanfaidh feirmeoir dearmad díot agus é ag cur fál leictreach timpeall ar pháirc agus go mbeidh ort dul ag snámhachán faoi le dul chuig na coirceoga. Níl sásamh ar bith ag baint leis sin. Faoi láthair leis an droch-shamhradh atá againn ní féidir liomsa dul isteach chuig beachlann atá suite agam thíos ag bun páirce i ngeall ar bhoige agus sleamhaine na talún. Áit iontach do bheacha is ea an t-ionad cúlráideach seo sa triomach. Is furasta dul síos chuig na beacha sa charr nuair atá an talamh go breá tirim agus crua ach scéal eile ar fad é tar éis sé seachtaine báistí mar a bhí againn go dtí seo i mbliana. 4. An bhfaighidh siad solas na gréine ach gan iad a bheith i mbéal na síne? Is í an áit is fearr don choirceog beach ná an áit ab fhearr leat féin do "deck chair" a chur agus tú ag sú na gréine. Is breá leo solas an lae, teas na gréine, agus an fhothain. Ní maith an rud é beacha a chur faoi scáth na gcrann -- "Bees in a wood never do any good" -- ná amuigh in áit sceirdiúil mar a mbeidh an ghaoth á síor-fheannadh. Áit fhoscúil ghrianmhar is fearr dóibh. 5. An mbeidh neachtar, pailín, agus uisce le fáil acu i bhfoisceacht leath-mhíle den choirceog? Uair éigin eile liostálfaidh mé na crainn is na plandaí éagsúla óna bhfaightear mil in Éirinn. An seamar bán an ceann is coitianta díobh. Ní mór duit aird a thabhairt ar an gceist seo chomh maith nuair atá coirceog á suiteáil agat in áit ar bith. Cén mhaith beacha a chur in áit nach bhfaighidh siad deor agus go stiúgfaidh siad le hocras. Dála an scéil, má léigh tú é seo cuir scéala chugam ag eofeasa@eircom.net
|
||