7 Feabhra 2010
CUIREADH: Cláraigh le STUDYBASE, láithreán nua le cleachtaí féin-mheasúnaithe
Is fada ó tosaíodh ar an láithreán seo. Ba bheag an t-eolas a bhí ag an "dearthóir" ar HTML ná a dhath mar é an uair sin, 1999, ach bhí fonn air leanúint ar aghaidh le múineadh na Gaeilge, an t-abhar léinn ab ansa leis agus an teanga ba dhual teaghlaigh dó a fhoghlaim is a labhairt. B'iontach an áis an tIdirlíon chuige sin.
Anois tá áis i bhfad níos fearr ar fáil, MOODLE, agus le cabhair ó mhúinteoirí, ó chomhairleoirí ríomhtheicneolaíochta, ó chairde agus ó fhoireann fostaithe díograiseach tá STUDYBASE curtha ar bun.
Má tá suim agatsa feabhas a chur ar do chuid Gaeilge, a léitheoir, buail isteach ar STUDYBASE, cláraigh ar na Ceachtanna Saor in Aisce agus bain triail as na Cleachtaí Féin-Mheasúnaithe. Cuir scéala chugainn le hinseacht dúinn cé mar a d'éirigh leat.
Ba bhreá linn dá gcuirfeá na botúin a fheicfidh tú in iúl dúinn, botúin chló, nascanna iomrallacha, srl, agus cuirfimid fáilte roimh cibé moltaí a chuirfidh tú faoinár mbráid.
Tá na sean-leathanaigh a foilsíodh faoin teideal Eo Feasa á bhfágáil anseo go fóill beag ach beifear dá mbaint den Idirlíon de réir mar a mhéadófar ar na ceachtanna ar STUDYBASE.
|