rogha as Feasta, Meitheamh 2001
Dánta mí an Mheithimh

Come Again! le Mícheál Ó Ruairc

Is file, gearrscéalaí agus múinteoir ag Meánscoil Naom Uinseann i mBaile Átha Cliath é Míchéal Ó Ruairc.
Beidh cnuasach nua, 'Leocó i Lios na Caolbhaí', ó Mhíchéal go luath


Come Again!

Thug sí fúm sa bhialann ceann de na hoícheanta
is ghlaoigh gach ainm faoin ngrian orm
(cé is móite de geek agus nerd b'fhéidir!)
is ansin d'iompaíos uirthi agus dheineas í
a widereáil leis an drochshúil ba chlaonta amuigh
ag cur ina leith gurbh í an bithiúnach is an bhitseach
ba mheasa dar chaith leathar bróige riamh is ina theannta
sin go raibh sí ceanndána cantalach contráilte
is d'éirigh eadrainn chomh fíochmhar sin
gur scanraíodh a raibh timpeall orainn
gur lig polaiteoir clúiteach de chuid na heite clé
liú rothaigh as a chloisfeá sa Domhan Thoir
agus rith i dtreo an dorais lena bhuachaill cíosa
ina dhiaidh aniar is ba bheag nár thachtaigh bainisteoir
bainc é féin le cnámh paisiúin nuair a thosnaigh a phíosa
beag ar an dtaobh ag clamhsán os ard leis
faoi í a bhreith go dtí áit mar sin
(nó arbh é gur cheap sé nach raibh inti
ach bean sráide, rud a cheap gan dabht)
agus maidir leis an bhfreastalaí starrfhiaclach fiarshúileach
déthónach ón tSín, bhuel ba mhó ba chosúil le cearc
i gcomhluadar sionnaigh é ná le ball den chine daonna
ach nuair a bhailigh sé leis don chistin
agus nuair a d'fhill thar nais le meat-cleaver
mór millteanach ina ghlaic aige chuir sé an croí trasna
orainn agus tuigeadh dúinn go raibh sé thar am againn
an bille a íoc agus glanadh in ainm an diabhail
as an áit sara ndéanfadh sé chop-suey dínn
is nuair a shíneamar chuige cúig phunt an duine
sa mbreis ar an mbille ba ar éigean a raibh sé ábalta
smacht a choinneáil ar a mhianta bhí sé chomh tógtha sin
linn agus le gach COME AGAIN! COME AGAIN! COME AGAIN!
sheol sé sinn amach as an mbialann ag coachadh fiarshúile
le dímheas ar an mbainisteoir bainc sa chúinne
a bhí ag iarraidh a phíosa beag ar an dtaobh
a chur ar a suaimhneas um an dtaca seo le Black Forest Gateaux
agus buidéal claret ó Bhordeaux agus le geallúintí
binnbhriathracha nach gcomhlíontar choíche
i mbialanna Síneacha istoíche.

© Feasta agus na Scríobhneoirí

.
.
.
An baile - Feasta