Coláiste Leitir Móir

Coláiste Leitir Móir

Tá an t-ionad lonnaithe i mbaile Leitir Móir, 30 míle siar ó chathair na Gaillimhe. Is i gCeantar na nOileán atá Leitir Móir suite i gcroí lár na Gaeltachta. Is féidir dul thar dhroichead chun an oileán, ceann de na hionaid dheirneacha in Éirinn ina labhartar an Ghaeilge mar theanga bheo. Beidh taithí le fáil ag na scolairí, mar sin, ar an nGaeilge mar theanga oibre i measc an phobail.

Lóistín

Agallaimh

Labhairt na Gaeilge

Foireann

Cúrsaí Speisialta

Gnéithe Ginearálta

Staidéar ar an Timpeallacht

Eolas Breise


Lóistín

Déanann foireann an cholaiste gach lóistín a eagrú.
Bean an tí ag coiriú an bhéile
Fanann na scolairí go léir i dtithe atá ceadaithe ag an Roinn Ealaíon Cultúr, Gaeltachta agus Oileáin. Is faoi churam cigire na Roinne atá an méid spáis a thugtar do gach scoláire. Bíonn leaba shingil ag gach scoláire.



Agallaimh

Is gá do gach iarrthóir dul faoi agallamh. An chúis leis na h-agallaimh ná chun a chinntiú líofacht an iarrthóir sa teanga, ach freisin chun a miniú na rialacha a bhaineann le labhairt na teanga le linn an chúrsa. Beidh na h-agallaimh ar siúl ag ionaid atá aisiúl do thuismitheoirí / scoláirí agus beidh ar thuismitheoir / coimeádaí dul i dteannta an iarrthóra.

Ionad Agallamh

Baile Ath Luain, Longfort, an Uaimh, Baile Átha Cliath, Gaillimh, Luimneach, Durlas, Port Laoise, Caisléan an Bharraigh, Sligeach.


Labhairt na Gaeilge

An phríomh aidhm atá ag na cursaí seo ná líofacht a thabhairt do scoláirí sa teanga chomh maith le tuiscint níos fearr a thabhairt ar saol na Gaeltachta. Chun cinntiú go bhfaigheann scoláirí agus tuismitheoirí luach iomlán a gcuid airgid beidh rialacha dochta maidir le labhairt na teanga le linn na gcúrsaí.
Ag dul abhaile!
Tabharfar cabhair agus tacaíocht faoi leith do scoláirí ar bheagán eolais faoin teanga. Cuirfear aon scoláire nach gco-oibríonn linn maidir leis na rialacha seo abhaile gan aisíoc a gcuid taillí mar go gcuireann siad bac ar scoláirí eile ar mian leo tairbhe iomlán a fháil ón gcúrsa.


Foireann

Tá foireann an choláiste déanta suas de Ardmhaistir, Múinteoirí agus Ardchinnirí. Tá coimhéas de1:12 idir múinteoirí agus scoláirí. Is é Roinn Oideachas a chínníonn cáilíochtaí agus fostú na foirne. Tugann cigirí ón rialtas cuairt rialta ar an gcoláiste. Is cainteoirí ó dhúchas formhór na foirne a bhfuil taithí múinteoireachta acu le scoláirí ar leibhéil éagsúla líofachta


Cúrsaí Speisialta

Scolairí 5ú Bliain/Reamh Ard Teiste

Dianullmhú do na scruduithe béil le múinteoirí a bhfuil sean taithí acu ar na scruduithe seo.

Cúrsaí Teastas Shóisirigh

Ní foláir go mbeadh eolas maith ag an scoláire ar Ghaeilge labhártha don chúrsa nua Teastas Shóisearach. Tá na cursaí ag Coláiste Leitir Móir ullmhaithe go speisialta chun diríu ar an siollabas nua. Cuirfear béim faoi léith ar saol agus timpeallacht an scoláire féin.

Cúrsa Speisialta do Pháistí Bhúnscoile

Tá cúrsa speisialta do pháistí bunscoile atá oiriunach go háirithe do scoláirí a bheas ag dul go dtí an dara léibhéal i rith na bliana.


Gnéithe Ginearáalta

Céilí:
Ceol faoin aer
4 oíche sa tseachtain. Treoracha á thabhairt ag múinteoirí.

Snámh faoi Stiúir: Tránna, sábháilte in aice an choláiste. Bíonn múinteoirí in éineacht le scolairí ar gach turas go dtí an trá.


Staidéar ar an Timpeallacht

De bharr suíomh an choláiste ar oileán álainn agus neamhmillte, tugann an tIonad taithí den scoth ar chúrsaí timpeallachta - Oideachas sa Timpeallacht. Téann na scoláirí ar thurais allamuigh, faoi stiúir lucht gairme, áit a mbíonn siad gníomhach in imeachtaí cosúil leis Scéim Constant Effort Sighting a reáchtálann Cumann Míol Mór agus Deilfe na hÉireann. Déantar taiféadadh a choiméad ar gach obair allamuigh a dhéantar agus tugann sé seo eolas luachmhar d'eagraiochtaí timpeallachta agus éiceolaíochta.


Eolas Breise

Chun tuilleadh eolas agus Paimfléad saor in aisce a fháil brú anseo.

Leathnach Baile