Ceardlann Fliúite Hamilton


Sa mbliain 1979 chuireas ar bun an chéad cheardlann déantúsaíochta in Éirinn chun fliúiteanna simplí a tháirgiú a bheadh in oiriúint do cheol traidisiúnta na hÉireann. Ag an am sin sean-úirlisí a bhÌodh in úsáid ag ceoltóirí traidisiúnta, formhór acu de dhéantús Shasana agus na Gearmáine ón 19ú haois, agus chuireas chuige ag déanamh cóipeanna de na cinn ab' fhearr acu seo. Níorbh fhada, áfach, gur thuigeas go raibh na lochtanna chomh maith leis na buanna a bhain leo seo á gcóipiú agam agus chuir mé romham an dearadh a leasú chun fliúit a chumadh a bheadh níos mó in oiriúint do cheol traidisiúnta.

B'iad an dá phríomh fhadhb a bhí ann ná airde agus tiúnadh. Tá ceangal idir an dá rud seo sa mhéid is má tarraingítear an sleamhnán tiúnála i bhfliúit níos mó ná leathorlach óna ghnáth shuíomh, cuireann sé an tiúnadh inmheánach - sé sin an coibhneas idir nótaí an scála - as ord. Sa mhéid seo braitheann an tiúnadh ar thoise na bpoll méire agus a suíomh.

Go deimhin, tá baint níos mó ag suíomh na bpoll méire le méid agus cruth na láimhe daonna seachas le fuaimeolaíocht. Cuirtear na poill san áit inar féidir leis na méara iad a shroisint go compordach, agus athraítear toise na bpoll chun dul in oiriúint d'aon cheann a bheadh suite go "neamhfhuaimiúil". Má fhéachtar ar aon fhliúit simplí, chífear go mbíonn éagsúlacht de 6mm go 12mm idir na poill. Agus an chuing seo á glacadh san áireamh maraon leis an riachtanas go seinnfeadh an fhliúit thar réimse trí ochtach, dhein na sean-déantúsóirí córas méarnála a fhorbairt a bhain úsáid as na heochracha chun aon mhí-chruinneas a d'eascair as na toscaíuile seo a chur ina gceart.

Go simplí: má bhaintear triail as scálaí ceoil traidisiúnta na hÉireann a sheinnt, ag baint úsáide as méarnáil thraidisiúnta ar shean-fhliúit, beidh scála as tiúin mar thoradh air. Le himeacht na mblianta tá an fhadhb seo sáraithe ag ceoltóirí traidisiúnta tré "bheoladh", nó na nótaí a shéideadh i dtiún - teicníc an-deacair í seo nach bhfuair ach fíor-bheagan ceoltóirí máistríocht uirthi.

Tá dhá athrú bunúsacha deartha tugtha i gcrích agam chun dul i ngleic leis na fadhbanna seo.

1/ Déantar na fliúiteanna in oiriúint do airde coirme nua-aimseartha, ní díreach tré an sleamhnán tiúnála a tharraingt amach, ach le hachóiriú iomlán ar mhéid na húirlise.

2/ Tá athrú déanta ar thoise agus ar shuíomh na bpoll méire chun go mbainfeadh gnáth-mhéarnáil thraidisiúnta scála cruinn i dtiún as an bhfliúit.