Adhmad Dubh na hAifrice 


Adhmad Dubh na hAifrice( Dalbergia Melonoxyon ) Baineann sé seo le clann bpíseanna agus tá sé an-chúngarach d'adhmad Róis na Braisíle, Cocobolo, agus d'adhmad Tiúilipe. Samhlaítear go minic gur crann ollmhúr an bhforaois bháistí atá ann, ach i ndáiríre is crann cuíosach beag é atá an-chosúil le crann mór den sceach gheal! Fásann sé ar thalamh féarach na hAifrice thoir, áit nach bhfuil mórán crann ag fás agus tugtar Mpingo mar ainm air, agus faighim-se, tré iomportálaithe éagsúla Eorpacha, formhór an adhmaid a úsáidim, ón Tansáin agus ó Mhósaimbíec. Ar nós na gcineálacha eile adhmaid atá trom agus téagartha, fásann sé go mall agus is deacair don gceárdaí píosaí oirinacha adhmaid a fháil ón gcrann seo mar go mbíonn stoc beag lúbtha air. Teastaíonn crainn atá aibigh, agus tá siad seo ag éirí gann.

Is fadhb mhór amháin iad na tinte coille, rud a tharlaíonn i bhfad níos minicí de réir mar a mhéadaeionn an daonra sna ceantracha seo. Is féidir leis na sean-chrainn tinte a bheadh cuíosach láidir a sheasamh ach maraítear na buinneáin. Ceaptar, áfach, go ndéanann na tinte díobháil éigin d'adhmad na sean-chrann, agus go bhfuil an baol ann go scoiltfeadh sé ar ball san uirlis. Má scoilteann d'uirlis, is beag mar chiteamh duit é gur tine choille san Aifric na blianta ó shin is cúis leis!
Tá rialtas na Tansáine ag tosnú ar ghníomh anois chun an líon laghdaithe crann aibigh Mpingo a mhéadú arís, agus táthar ag súil sar i bhfad go mbeidh fliúiteanna Hamilton á ndéanamh as adhmad dubh ó fháschoillte bainistithe.