An Clár

 

English

 

 

 

“Músgraighe Uí Fhloinn” a tugtar ar an ndúthaigh stairiúil in Iarthar Chorcaighe, athá suite siar ó Ínis Cara go teórainn a’ chúndae, agus ó Shléibhte na Bograighe  go Cnoc na Seithe ar a’ dtaobh ó dheas. An chuid is sia siar dhi (ó Lios a’ Chraosaigh siar go dti an teorainn, is ó Shliabh Riabhach ó dheas go Céim an Fhiadha), mar aon le cuid de ceantar Uíbh Laoghaire, sin Gaeltacht Iarthair Chorcaighe.  Tá sé cinn de bhailte beaga ar fuaid an cheantair seo: Baile Bhúirne, Baile Mhic Íre, Béal Átha an Ghaorthaidh, Cíll na Martra, Cúil Aodha is Réidh na nDoirí.  Is é Maigh Chromtha an baile mór is gaire dho.

 

 

 

 

Ceantar fíor álainn é Iar-Mhúscraí.  D’inneóin forbairt ar an mogalra bóthar & tionscail áitiúil, tá sé ‘na cheantar suaimhneach tuaithe i gcónaí.  Más láimh le bailte móra é, is iad ag fás ar buile, níor súadh isteach iontu go fóil é...  is ná dtaga an lá san go Lá Ph’lib a’ Chleite!  Tá locha, sléibhte & gleannta mór-thímcheall na háite. Is i nGuagán Barra thiar a éiríonn abhainn na Laoi. Is í ag silleadh soir, cothaíonn sí Locha Ghuagáin Bharra, locha Bhéal Átha an Ghaorthaidh, locha Ínse Gheimhligh, agus tar éis tamail, an Gaorthadh féinigh.  Dar ndóigh, is é An Sulán an abhainn cháiliúil eile sa dúthaigh seo, is de réir deabhraibh, an t-aon abhainn fhireann in Éirinn.  Is minic a deintear trácht air i bhfilíocht is i mbéaloideas  Mhúscraí:  “Mise an Sulán, fuar, fada, fireann...” Éiríonn sé i mBarr D’ Inse, & tagann sé an’iar trí Chúil Aodha agus Baile Mhúirne, soir ansan trí Pholl na mBró, is amach leis ar a shuaimhneas go mbuaileann sé leis an Laoi i Maigh Chromtha.

 

 

 

 

 

“Músgraighe Uí Fhloinn” is the name of the historical district of West-Cork, stretching west from Ínis Cara to the county bounds, and south from An Bhograch mountain to the Seithe mountain.  The most westerly part of Múscraí Uí Fhloinn (from Lios a’ Chraosaigh west to the bounds, and Sliabh Riabhach south to Céim an Fhiadha), along with a small, adjacent part of Uíbh Laoghaire, another such historical district, comprises the West-Cork Gaeltacht, or Gaelic-speaking area.  There are six villages throughout this region: Baile Bhúirne, Baile Mhic Íre, Béal Átha an Ghaorthaidh, Cíll na Martra, Cúil Aodha and Réidh na nDoirí.  The nearest town is Maigh Chromtha/Macroom.

 

 

 

 

West-Múscraí is an area of exceptional natural beauty.  Despite improvements in the roads infrastructure, and the growth of locally based industry, it retains a traditional, rural character which belies its proximity to several urbanised and growing towns.  Lochs, mountains and glens dominate the landscape.  The river Laoi/Lee rises west in Guagán Barra.  As it runs eastwards it feeds the lochs of Guagán Barra, Béal Átha an Ghaorthaidh, Ínse Gheimhleach, and eventually thAn Gaorthadh its self.  The other famous river of the locality is of course An Sulán, said to be the only river in the country with a masculine name.  It is a major element of local seanachas, or folklore, and figures heavily in songs and poetry:  “Mise an Sulán, fuar, fada, fireann...” An Sulán rises west in Bárr D’ Ínse and flows east through Cúil Aodha and Baile Bhúirne, then east through Poll na mBró and flows gently into Maigh Chromtha to meet An Laoi.

 

 

An Clár