sod.jpg (225790 bytes)An Scoil Nua.

Ón bhliain 1984 ar aghaidh tháinig fás agus forbairt ar an nGaelscoil.

Bhí seomraí ranga reámh-dhéanta tógtha ag an Roinn ar an suíomh i Loch Buí, Cill Chainnigh. Aon seomra ranga déag, seomra foirne, oifig agus áit stórais a bhí ann chun freastal ar thart ar trí cheád dalta agus triúr oide déag.

Bhí cúrsaí go maith ar feadh roinnt mhaith de bhlianta ach le himeacht ama agus droch-aimsire bhí sé sóiléir nách réiteach buan a bhí ann don todhchaí.

Bunaiodh feachtas i measc na dtuismitheoirí agus na múinteorí chun scoil buan a thógáil. Scriobh an Priomh Oide go leor, leor litreacha. Eagraíodh cruinnithe leis an Roinn agus thaisteal daoine chun bualadh leis an Aire.

Ar deireadh thiar thall tugadh an cead chun dul ar aghaidh agus scoil nua a thógáil ar an suíomh í Loch Buí.

mm.jpg (132628 bytes)

An tAire Oideachais Míchéal Ó Máirtín agus an Príomh-Oide Míchéal Ó Máirtín eile!

Chas an tAire an chéad fhód den scoil nua ar an 27ú lá de Bhealtaine,1998, agus bhí an scoil réidh ar an 6ú lá de Mheán Fómhair na bliana 1999.

site.jpg (149084 bytes)

Seo griangraf den tógáil.

clos.JPG (17974 bytes)

Le fada an lá bhí idir tuismitheoirí, múinteoirí agus daltaí ag tnúth go mór le foirgneamh buan a fháil do Ghaelscoil Osraí. Tá scoil an-ghalánta tógtha anois, buíochas le Dia agus leis na daoine a d'oibrigh chomh dian dícheallach
sin ó bhunaiodh an Ghaelscoil. Nách mór an trua é gur tháinig an foirgneamh breá seo ró-dhéanach do an-chuid tuismitheoirí agus daltaí, ach beidh fíorchaoin fáilte rompu teacht, lán na súl a bhaint as an bhfoirgneamh agus ceiliúradh linn nuair a osclófar an scoil.

courtyard.JPG (64825 bytes)

Tá dhá sheomra ranga déag, halla breá fairsing, leabharlann, seomra ilchumarsaide, páirc imeartha agus clós scoile le maíomh ag Gaelscoil Osraí.
Níl gach áis faoi lán tseoil faoi láthair, faraoir, ach tá an Bord Bainistíochta ag déanamh deimhin de go mbeidh Gaelscoil Osraí faoi bhláth ar an lá oscailte oifigiúil
.


entrance.jpg (18445 bytes)

Tá an scoil ag súil le ré nua a bhunú leis na h-achmhainní is nua-aimsirí atá le fáil.

Ar An gCeap.

const012digging.gif (1877 bytes)

I gConaí.

animal020.gif (18700 bytes)

Baile.