Turas go dtí an Réadlann i gCaisleán na Carraige Duibhe
Ar an Mháirt, an 12ú lá de mhí
Feabhra 2008, chuaigh Rang 5 ar thuras chuig an réadlann i gCaisleán
na Charraig Dhuibhe i gCorcaigh. Bhí an rang ag glacadh páirt
ins an imeacht ‘Engineered! A week of Wonders!’.
Chuamar ar an mbus agus chuaigh an mhúinteoir agus an rúnaí
scoile linn. Shroicheamar an réadlann ar deich nóiméad
chun meanlae agus thosaigh an rang ar meánlae. Alan ab ea an t-ainm
a bhí ar an múinteoir a bhí againn don rang seo. Bhíomar
ag foghlaim faoi chiorcaid agus ag déanamh ciorcaid. Bhíomar
curtha i ngrúpaí agus tugadh pacáiste dúinn le
h-ábhair chun ciorcaid a dhéanamh. D’úsáideamar
ceallaire, bolgán agus nascanna chun chiorcaid a dhéanamh agus
chuireamar isteach voltmhéadair chun an méid aibhléise
a bhí ag rith tríd an ciorcaid a thomhas. Bhí sé
an suimiúil ar fad. D’fhoghlaimíomar, má tá
aon bhriseadh sa chiorcaid ní oibreoidh sé. Thaispeán
Alan na ciorcaid go léir dúinn ar an gclár bán
agus bhí orainn iad a leanúint. Bhí sé go maith
chun a bheith ag obair i ngrúpa mar bhíomar in ann ar smaointí
ar fad a chur le chéile. Chríochnaigh an rang ar meánlae
agus chuireamar gach rud thar n-ais in ár ndiaidh. Fuaireamar teastas
as ucht glacadh páirt agus thóg ár múinteoir roinnt
mhaith ghrianghrafanna. Bhaineamar ard taitneamh as bheith ag obair mar eolaithe.
(Chloe– Rang 5)