Ábhair agus Déantúsaíocht


Déantar na fliúiteanna uile as Adhmad Dubh Afraiceánach seachas má deirtear a mhalairt. Déantar na fliúiteanna i dtrí phíosa. An ceann, an corp, ar a bhfuil na sé poill méire, agus an chois. Bíonn gréasadh airgead nicileach (airgead Gearmánach) ar na huirlisí neamheochracha agus airgead dea-mhianaigh sa ghréasadh agus sna heochracha sna huirlisí eochracha. T·ásleamhn·n tin·la d'airgead nicileach sna huirlisÌ uile. Tá airgead dea-mhianaigh ró-bhog don ngnó seo). deantar an 'corc' ar chúl an chinn sa bhéalóg de ghnáth as corc nó as adhmad dubh agus corc leis. Sa lá atá inniú ann déanaim na cinn-choirc as cineál plaistigh agus corc leis. An chúis atá leis seo ná go n-atann corc nó na coirc adhmaid an-fhuirist agus is féidir go dtiocfaidis sáite sa phíopa. Má chrapann siad, rud a dhéanann nuair a bhíonn an corc tirim, is féidir go mbogfadh an corc, rud a chuirfeadh as don dtiúnadh inmheánach san uirlis. Seachnaítear an fhadhb seo le coirc phlaisteacha.

Sé an t-ábhar atá sna spriongí cornacha ar na heochracha sna huirlisí eochracha ná cruach domheirgthe seachas spriongaei práisithe mar a bhíodh go traidisiúnta. Is fuirist na spriongaí seo a athnuachaint, ní thagann meath orthu ná ní bhriseann siad, agus tugann siad mothú méire an-chothrom do gach eochair. Don té gur mian leis/léi cloí leis an nós traidisiúnta, is féidir spriongaí den sean-déanamh práisithe nó copar-nicileach a chur leis na heochracha. Cuirtear corc sna hailt, agus cuirtear cuisín leathair d'ard-chaighdeán faoi na heochracha. Is mar an gcéanna go díreach na fliúiteanna eochracha agus neamheochracha ó thaobh déantúsaíochta.. Cé go moltar don tosnaitheoir an fhliúit neamheochrach a sheinnt is den dearadh agus den gcaighdeán díreach céanna é leis an bhfliúit eochrach, atá níos costasúla.