Mainistir Sheiriopúin.

mainjerpoint.jpg (45523 bytes)

Is dócha gurbh é Mac Giolla Phádraig Osraí a bhunaigh Mainistir Sheiriopúin thart ar an bhliain 1160, do na Beinidictigh. Choinnigh Mainigh Chistéireacha ó Mhainistir Bhealach Conglais í, áfach, i 1180, agus ba ní-theach é de chuid na Mainistreach Móire i gCo. Lú, an chéad teach Cistéirseach in Éirinn.

Bunaíodh na Cistéirsigh i Citeaux i 1098, órd dian a chaith saol paidreoireachta agus crua-oibre. Rinneadh máthair-theach Chill Lainne agus Chill Chúile de Sheiriopúin féin.

inside_ljerpoint.jpg (42966 bytes)

Tharla sé nách raibh ach fíor-bheagan manach fágtha sa mhainistir sa bhliain 1540, nuair a deineadh díscaoileadh ar an áit. Seisear ar fad a bhí ann ansin, i gcomparáid le ochtó sé duine rialta mar líon san áit sa bhliain 1228.

I meas mhaoin na mainistreach a ligeadh ar léas le Séamus, Iarla Úrumhan, i 1541 bhí líon áirithe reachtaireachtaí, míntír, féarach agus coillte. Nuair a ghéill an tAb Oilibhéar de Grás, an mhainistir, bhí caisléan, go leor muilte uisce, teachíní agus coraí iascaigh. Bhí thart ar 14,500 acra ar fad. Bhí  sé i seilbh na mBuitléarach suas go dtí lár an tseachtú haois déag.

jerpointcar.jpg (34026 bytes)

Thug Cumann Seandálaíochta Chill Chainnigh faoi chothabháil dheonach ar an gcreatlach i lár na naoú haois déag.

Faoi chúram Choimisinéirí na nOibreacha Poiblí atá an Mhainistir ón mbliain 1880. Is séadchomhartha Naisiúnta anois é.

castle_small.jpg (4350 bytes)

Ar Ais GO Dtí Cill Chainnigh.

Caisléan Chill Chainnigh, Árd Eaglais Naomh Chainnigh, Teach An Rúthaigh, An Mhainistir Dhubh, Prióireacht Cheannanais, Tulach Chiaráin, Cill Phaoin, Mainistir Sheiriopúin, Inis Tíog.