![]() The Voice of the Irish Republican Movement. Republican Sinn Féin
|
CHRÍOSTAITHE atá i bhformhór mo chuid léitheoirí, is dócha (ach tá cead cainte is cáinte ag cách). Is ag trá atá an creideamh in Éirinn ar na saolta seo, más fíor do na meáin chumarsáide. Ach ní go héasca a thréigtear cultúr is traidisiún, go háirithe ceann atá chomh hársa is atá an Chríostaíocht in Éirinn.
Féach, mar shampla, chomh fada is a mhair an phágánacht
sa tír seo i ndiaidh don gCríostaíocht an lámh
in uachtar a bhaint amach go státúil, go hoifigiúil,
is a fréamhacha imithe chomh domhain isteach inár nanamacha.
Go deimhin, tig linn a rá gur mhair an dá chreideamh taobh
le taobh, mórán, ar feadh 2,000 bliain, nach mór.
Cibé ar both, Críostaí atá ionamsa go fóill
agus, le cuidiú Dé, fanfad amhlaidh go deireadh. Ach ar na
mallaibh, ar chúis a mhíneos mé ar ball, rinneas dianmhachnamh
ar an gcreideamh céanna. Agus ansin, d'eile, chuireas ceist orm
féin, ar an dóigh seo: Céard é is buanbhonn
don gCríostaíocht?
Is é is ciall leis sin nach dtig le grá a bheith ann mar chadhain aonraic. Is é an ceart céile leapa don ghrá.
B'iad an triúr Éireannach úd atá i gcarcair de chuid na Colóime, i ndeisceart Mheiriceá, a cheol mé ar an mbóithrín seo, mar atá Niall Ó Conghaile, Jimín ó Monacháin, agus Máirtín Mac Amhlaidh (len iad a ghléasadh go Gaelach).
Geit éigin ón gcorrléitheoir? Nach leis an dream
eile a bhaineann siad siúd nó, mar a deirtí tráth
i mBaile Átha Cliath, nach lasmuigh den Pháil atáid?
Agus is fíor don dá leagan, más duine thú atá
in éadan Shocrú Aoine an Chéasta, mar atá mé
féin.
Is é atá id' chomharsa gach duine daonna, fiú iad siúd ar fuath leo muide, nó nach n-aontaíonn linne faoi chúrsaí creidimh.
Agus céard é ár ndualgas? Déan maitheas don té a bhfuil fuath aige duit; cuir do bheannacht ar an té a chuireann mallacht ortsa; agus guigh ar son na ndaoine a dhéanann géarleanúint nó béadán ort.
Maidir leis na daoine údaí i gcarcair na Colóime, agus muide, níl dár scaradh ó chéile ach tuairimí polaitiúla, bíodh siadsan an-tábhachtach dúinn, nó a mhalairt.
Leathscéal dá laghad ní thugann siad dúinne grá don gcomharsa a chealú. Sin é mo thuairim ar chúrsaí, ar aon chuma.
Triail atá saor ó idirghábháil ó na polaiteoirí atá i gceannas ar an gColóim i láthair na huaire, ná ó lámh isteach na bPoncán: Sin é a n-éileamh. Nó, mar a déaras muide, cothrom na Féinne.
Nach bhfuil sé sin mar cheart acu? Nach bhfuil sé sin
tuillte acu, agus ag gach éinne, Cuma faoina gcuid polaitíochta,
faoina gcreideamh i gcoitinne, saolta nó eile.
Ní stat daonlathach é An Cholóim, ach ceann a bhfuil an t-arm i gceannas ann, mar atá roinnt eile i ndeisceart Mheiriceá, agus tacaíocht acu i gcónaí ó SAM. Stát ar an dóigh sin ab ea An tSíle faoi Phinochet, Dia linn.
Ní feasach dom go baileach cén ghaoth a shaol ár dtriúr chun na Colmóine, ná cén gnó a choinnigh ansin iad. Ní hionann sin is a rá nach bhfuil na scéalta ann.
Dar lena naimhde, b’amhlaidh a thángadar isteach sa tír agus iad armtha le cáipéisí bréagacha aitheanthais, agus ina dhiaidh sin gur ag oiliúint lucht an éirí amach a bhíodar, i gclíché eile de chuid ár ré, gur sceimlitheoirí a bhí iontu, iad ag obair in éadan an rialtais.
Is é a deir a gcairde gur le deireadh a chur leis an éirí
amach a thángadar, agus síocháin a bhunú sa
tír.
Nílim féin ar mhórán eolais faoi na cúrsaí seo uilig. Níl a fhios agam cén áit a bhfuil an fhírinne. Ach más fíor gur le cáipéisí bréagacha a thángadar isteach sa tír, agus an fhianaise ar fáil, ba chóir iad a chur os comhair cúirte idirnáisiúnta, mar ní bhfaighidh said cothrom na Féinne sa gColmóin. Sin breith Amnesty agus na n-eagrais eile atá ag obair ar son an chirt.
Dar leo siúd a labhraíonn ar son an rialtais sa gColmóin, b'amhlaidh a bhí an triúr ag oiliúint na n-óglach atá gafa san éirí amach i gcúrsaí buamála, mar atá FARC (Fuerzas Armadas Revolucionarias de Colombia).
Is dona go mór na scéalta atá amuigh ar FARC, go bhfaigheann siad a gcothú as airgead a shaothraítear ar dhíol drogaí.Más fíor sin, ar ndóigh, níl FARC le moladh ná baol air. Ach arís, más é sin an peaca is mó a chuirtear ina leith, agus fianaise láidir ar fáil faoi, cén dochar é an chúirt idirnáisiúnta?
Fillimís anois ar Éirinn agus ar an chomcheilg atá bunaithe ag na príomhghrúpaí polaitiúla — Fianna Fáil, Fine Gael agus an Páirtí Oibreachais — gan éinne dá gcuid a chur go Bogotó le bheith i láthair ag an triail.
Ionann sin agus teachtaireacht a chur go dtí an rialtas sa tír sin gur cuma linne in Éirinn céard é atá i ndán don triúr.
Cothrom na Féinne? Grá don gcomharsa? Trua don té
atá thíos?
— Deasún Breatnach
Or
Make a donation to SAOIRSE
for its internet service.
DO NOT SEND CASH IN THE POST.
SAOIRSE -- Irish Freedom, 223 Parnell Street, Dublin 1, Ireland
Telephone: 00-353-1-872 9747 FAX: 00-353-1-872 9757
e-mail: saoirse@iol.ie
![]()
Web layout by SAOIRSE -- Irish Freedom December 7, 2002 Send links, events notifications, articles, comments etc, to the editor at: saoirse@iol.ie. |