![]() The Voice of the Irish Republican Movement. Republican Sinn Féin
|
RINNEADH comóradh 80 bliain ar bhás an Athar Mhíchíl Uí Ghríofa ar an Domhnach, an 17ú lá de Mhí na Samhna.Bhailigh slua ag an Scoil Náisiúnta i mBearna, Gaillimh agus mháirseáil an pharáid uaidh sin go dtí An Chloch Scoilte, áit ar leag fórsaí Shasana corp an Athar Mhíchíl i mbogach tar éis é a lámhach in a gceann áras i nGaillimh.
Bhí an trí-dathach ag ceann na paráide agus píobaire ina diaidh. Rinneadh meirge in onóir de Liam Ó Maoilíosa a iompar.
Ag an leacht chuimhneacháin bhí Tomás Ó Curraoin mar Cathaoirleach ar na searmanais. Bhí ós cionn trí scóir daoine i láthair.
Dúirt Seán Mac an Iomaire as Gaillimh deichniúir den Phaidrín as Ghaeilge. Leagadh bláith-fhleaseanna ar son Comhairle Ceantair na Gaillimhe ag Mícheál Ó Conghaile, Bearna, ar son na h-Ard Chomhairle ag Breandán Ó Madáin, Baile Locha Riach agus ar son Chumann na mBan ag Yasmin de Barra.
Deasún Ó Longáin, Luimneach, Leas Uachtarán ar Shinn Féin Poblachtach, a thug an oráid.
Or
Make a donation to SAOIRSE
for its internet service.
DO NOT SEND CASH IN THE POST.
SAOIRSE -- Irish Freedom, 223 Parnell Street, Dublin 1, Ireland
Telephone: 00-353-1-872 9747 FAX: 00-353-1-872 9757
e-mail: saoirse@iol.ie
![]()
Web layout by SAOIRSE -- Irish Freedom December 7, 2002 Send links, events notifications, articles, comments etc, to the editor at: saoirse@iol.ie. |