Oscailt Oifigiúil na Gaelscoile
Osclaíodh Gaelscoil Osraí go hoifigiúil ar an 28ú de Mheán Fómhair 2000. Is é an tAire Oideachais Micheál ó hUadaigh a ghearr an ribín. Bheannaigh an tEaspag Fuireastal agus an Oirmh. Friday an scoil. Bhí an Méara Paul Cuddihy ann, freisin. Bhí ceol á seinm ag na páistí agus bhí páistí ag damhsa. Bhí bia agus deoch ann do gach éinne. Bhaineamar an-taitneamh as an lá iontach. Bhí mise (Muireann) i ngúna damhsa Gaelach. Bhí a lán daoine ann. Bhí mo thuismiteoirí ann, bhí gach tuismitheoir ann. Nuair a chuaigh mé isteach ar scoil bhí gach duine ag rith. Bhí orm mo ghúna a chur orm, don damhsa . (á scríobh ag Clíodhna agus Muireann (Rang a Cúig).)
Na Cléir
   
D'eiríomar go luath ar maidin agus bhí sceitiminí orainn. Bhí sé ag cur báistí .Bhíomar ag cleachtadh ar an bhféadóg stáin. Fuaireamar tae, brioscaí agus milséan agus deochanna. Bhí sé go han-mhaith. Bhí na múinteoirí ar fad ann agus bhí na tuismitheoirí ann. Bhí an-spóirt againn. (á scríobh ag Orla agus Jessica (Rang a Cúig)). Ceol
  Baile | Réamhrá | Stair na Scoile | Imeachtaí | Tionscnaimh | Nuachtlitir | Comórtaisí |Fógraí| Ríomh-phost