Gaelscoil Osraí, Loch Buí, Cill Chainnigh.

Gaelscoil Osraí
Is bunscoil lán-Ghaelach í Gaelscoil Osraí le rollaíocht tuairim is 300 dalta idir bhuachaillí agus chailiní. Is faoi phátrúnacht an Easpaig atá an scoil agus is ar theagasc na hEaglaise atá móráltacht na scoile bunaithe.
Ethos na Scoile
An príomh aidhm atá againn i nGaelscoil Osraí ná oideachas a chur ar fáil do na dáltaí go léir. Tá súil againn go mbeidh dea-smaointe acu faoina saol scoile nuair a bheidh siad fásta suas. Tá súil againn go mbeidh siad in ann a rá go raibh spórt agus scléip acu agus iad ar scoil. Tá sé mar aidhm ag Gaelscoil Osraí a bhfuil de mhaitheas i ngach pháiste a chothú agus a thacbhairt chun foirfeachta agus gach páiste a chur ar thóir an mhaitheasa sa saol atá thart air.
An Ghaeilge
Is í an Ghaeilge teanga na scoile. Is trí meán na Gaeilge a ghlacann na pháistí pairt sa Chreideamh, san Ealaíon, sa Ghníomhaíocht Coirp, sa Mhatamataic agus sa Litríocht.
Móráltacht na hEaglaise
Is faoi phatrúnacht an Easpaig atá an scoil agus is á teagasc móráltachta na hEaglaise Caitlicigh a leantar sa scoil.

  Baile | Réamhrá | Stair na Scoile | Imeachtaí | Tionscnaimh | Nuachtlitir | Comórtaisí |Fógraí| Ríomh-phost