I 1984 nuair a bunaíodh Gaelscoil Osraí, seachas múineadh
trí Ghaeilge agus an teanga a neartú b’é ceann de na cuspóirí
ná na cluichí Gaelacha a chothú. Níorbh fhéidir tosnú leis
an aidhm seo go raibh na daltaí fásta go leor chun na cluichí
a láimhseáil agus na scileanna a fhoghlaim. Níor deineadh
aon ró-mhoill. Cé nach raibh aon Rang V nó VI sa scoil ag
an am cuireadh foireann chamógaíochta isteach sa sraith na
bliana 1989. Tharla sé go raibh sraith iomána ar siúl do dhaltaí
an tríú ranga i scoileanna na cathrach agus cé gur ghairid
an tréimhse a bhí chun traenáil chuige, cuireadh foireann
isteach d’fhonn taithí ar chluichí a chur ar fáil dóibh. Roimh
an Samhradh tugadh na cailíní agus na buachaillí ar chuairteanna
go dtí scoileanna faoin dtuath chun an tsuim a bhí spreagtha
iontu a choimead beo bríomhar. Ag tús na scoilbliana 1989/90
ghlacamar páirt i ngach sraith a d’eagraigh Cumann na mBunscoileanna.
Ba mhinic a deineadh slad orainn ach diadh ar ndiadh tháinig
feabhas orainn. I 1993 bhuaigh Rang II Sraith Iomána idir
Ranga na Cathrach. B’shin an chéad chorn a tháinig go dtí
an Ghaelscoil agus bhí ceilliúradh mór dá bharr.
I 1996 bhuaigh an Ghaelscoil comórtaisí Rang V agus Rang
II i gcoinne scoileanna móra na cathrach.
B’í 1997 an bhliain ba stairiúla, go dtí seo a bhí ag Gaelscoil
Osraí. B’shin an bhliain a bhuaigh an scoil comórtas uile
chontae son chéad uair. Bhuaigh na cailíní an comórtas 7 an
taoibh agus d’imir triúr acu i bPáirc an Chrócaigh i rith
an tSamhraidh..
Bhí an bua ag na buachaillí i Roinn D don chéad uair. Bhain
Rang III an corn amach i gcomórtas na cathrach
Ina theannta sin roghnaíodh buachaill, Cian de Bhaldraithe,
ar fhoireann Chill Chainnigh chun iomáint / comanachd a imirt
san Albain
Chuir Gaelscoil Osraí críoch iontach leis an fichiú aois
nuair a bhuamar Craobh na Cathrach fé dhíon. B’í an Ghaelscoil
na chéad buaiteoirí agus ba mhór an onóir í don scoil.
|