Sa bhlian 1984 do tháinig scata tuismitheoirí le chéile i gcathair Chill Chainnigh agus é mar aidhm acu scoil lán-Ghaeilge a bhunú dá bpáistí. Fuaireadar an cead ón Roinn san a dhéanamh, agus thugadar faoí seomraí a fháil ar cíos ón gClub C.L.G. Sheámais Uí Stíofáin ar imeall na cathrach. Ar an gceád lá de Mheán Fómhair, 1984 d'oscail Méara na Cathrach doras na scoile chun beirt is fiche dalta agus a múinteoir siúd, Gobnait Ní Choitir, a fhailtiú isteach.

Seo an chéad rang.

Bhí ag éirí go maith leis an scoil agus taréis bliana tháinig a thuilleadh páistí agus fostaíodh an chéad chúntóir, Proinnsiasa Ní Chathasaigh. D'éirigh leis an scoil a suíomh féin a fháil í Loch Buí, áit ina bhfuil sí fós, 'Fhaid is go rabhadar ag fanacht leis na seomraí réamh-dheánta a bheith réidh don suíomh, chuireadar fúthu i sean-scoil naisiúnta Phádraig Naofa ar shráid Phádraig, ar feadh tréimhse. Sa bhlian 1987 ceapadh Míchéal Ó Máirtín mar Príomh Oide ar an nGaelscoil. Sa lá atá inniu ann tá triúr oide déag agus thart faoi trí chéad dalta sa Ghaelscoil. Le himeacht ama tá an Ghaelscoil ag dul í láidreacht agus i méid agus tá ainm na scoile go h-árd i measc an phobail.

An Scoil Nua. Ón bhliain 1984 ar aghaidh tháinig fás agus forbairt ar an nGaelscoil. Bhí seomraí ranga reámh-dhéanta tógtha ag an Roinn ar an suíomh i Loch Buí, Cill Chainnigh. Aon seomra ranga déag, seomra foirne, oifig agus áit stórais a bhí ann chun freastal ar thart ar trí cheád dalta agus triúr oide déag.

Bhí cúrsaí go maith ar feadh roinnt mhaith de bhlianta ach le himeacht ama agus droch-aimsire bhí sé sóiléir nách réiteach buan a bhí ann don todhchaí. Bunaiodh feachtas i measc na dtuismitheoirí agus na múinteorí chun scoil buan a thógáil. Scriobh an Priomh Oide go leor, leor litreacha. Eagraíodh cruinnithe leis an Roinn agus thaisteal daoine chun bualadh leis an Aire. Ar deireadh thiar thall tugadh an cead chun dul ar aghaidh agus scoil nua a thógáil ar an suíomh í Loch Buí.

Seo clós na scoile.

Chas an tAire an chéad fhód den scoil nua ar an 27ú lá de Bhealtaine,1998, agus bhí an scoil réidh ar an 6ú lá de Mheán Fómhair na bliana 1999.

Le fada an lá bhí idir tuismitheoirí, múinteoirí agus daltaí ag tnúth go mór le foirgneamh buan a fháil do Ghaelscoil Osraí. Tá scoil an-ghalánta tógtha anois, buíochas le Dia agus leis na daoine a d'oibrigh chomh dian dícheallach sin ó bhunaiodh an Ghaelscoil. Nách mór an trua é gur tháinig an foirgneamh breá seo ró-dhéanach do an-chuid tuismitheoirí agus daltaí, ach beidh fíorchaoin fáilte rompu teacht, lán na súl a bhaint as an bhfoirgneamh agus ceiliúradh linn nuair a osclófar an scoil.

Tá dhá sheomra ranga déag, halla breá fairsing, leabharlann, seomra ilchumarsaide, páirc imeartha agus clós scoile le maíomh ag Gaelscoil Osraí. Níl gach áis faoi lán tseoil faoi láthair, faraoir, ach tá an Bord Bainistíochta ag déanamh deimhin de go mbeidh Gaelscoil Osraí faoi bhláth ar an lá oscailte oifigiúil.

Tá an scoil ag súil le ré nua a bhunú leis na h-achmhainní is nua-aimsirí atá le fáil.

  Baile | Réamhrá | Stair na Scoile | Imeachtaí | Tionscnaimh | Nuachtlitir | Comórtaisí |Fógraí| Ríomh-phost